Preas Ráiteas

Mapa Bóthair d’athbheochan Ghaeltacht Uíbh Ráthach

Tá mapa bóthair d’athbheochan Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, a forbraíodh mar mhúnla do thograí athghiniúna tuaithe eile, eisithe ag Údarás na Gaeltachta ar son Tascfhórsa Idirghníomhaireachta Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, seolta ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne T.D. inniu (22/7/19).

I measc na mbuaicphointí, tá:

• 145 post nua le cruthú
• Mol digiteach gteic nua a fhorbairt i mBaile an Sceilg
• 3% de mhéadú daonra
• 10 teaghlach sa bhreis ag cónaí sa gceantar
• 20 teach nua a chur ar fáil le ceannach nó ar léas fadtéarmach
• 5% de mhéadú ar ghnáthúsáid laethúil na Gaeilge
• 15 cúrsa printíseachta in aghaidh na bliana
• 20 gnó feirme malartacha bunaithe
• 10% de mhéadú ar chuairteoirí sa gceantar
• 20% de mhéadú ar lóistín turasóireachta ar feadh na bliana ar fad
• Coláistí samhraidh Gaeilge a athbhunú
• Athbhunú a luaithe agus is féidir ar aistriú éigeandála ospidéil ar héileacaptar 24/7

Leagann an Tuairisc agus Plean Gníomhaíochta don Tascfhórsa Idirghníomhaireachta do Ghaeltacht Uíbh Ráthach amach 100 beartas dúshlánach, réalaíoch agus céimiúil. Is í an aidhm atá ag na beartais seo ná dul i ngleic le titim daonra, dul an aois pobail, agus meath eacnamaíochta agus sóisialta. Fuair an Plean Gnímh seo tacaíocht ó Phobal Gaeltachta Uíbh Ráthach, chomh maith le ranna rialtais, áisíneachtaí stáit, rialtas áitiúil, coistí forbartha áitiúla, an earnáil phríobháideach agus eagraíochtaí pobail.

Grúpa ar leith is ea an Tascfhórsa Idirghníomhaireachta a bunaíodh in Uíbh Ráthach i Meán Fómhair 2017 faoi chathaoirleacht Údarás na Gaeltachta. Táthar ag súil go mbeidh sé mar mhúnla do cheantair eile ar fud na hÉireann a bhfuil an brú céanna orthu agus léiríonn an plean modheolaíocht comhoibríoch agus múnla a thacóidh le dhul i ngleic leis na fadhbanna i gceantair dá leithéid.

Ó thús, aithníodh go gcaithfí an Plean Gníomhaíochta a chur le chéile ar bhonn comhoibrithe le hionchur ó ranna rialtais, áisíneachtaí stáit, rialtas áitiúil, coistí forbartha áitiúla, an earnáil phríobháideach agus eagraíochtaí pobail. Aithníodh chomh maith go raibh an Plean Gníomhaíochta á fhorbairt i gcomhthéacs an tábhacht chultúrtha a bhaineann le Gaeltacht Uíbh Ráthaigh agus go raibh an fócas ar thimpeallacht eacnamaíochta agus shóisialta an cheantair, timpeallacht a bhí ag cur go mór le titim daonra agus ag bagairt ar bheatha agus todhchaí na Gaeltachta.
Mar sin, tá an Plean Gníomhaíochta dírithe ar chúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta, ach le cuspóir cultúrtha sainiúil.

Is féidir cóip den phlean a íoslódáil anseo agus thíos


Fócas an Phlean
Tá an plean gníomhaíochta dírithe go príomha ar fhostaíocht agus ar chaighdeán saoil sa cheantar.
Is é an Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe atá mar mhúnla ag Plean Gníomhaíochta Uíbh Ráthaigh, ina struchtúr agus leagan amach agus leagan amach réimse leathan bearta atá sonrach, intomhaiste agus indéanta agus atá leagtha amach de réir an chúig cholún atá léirithe anseo thíos.
Chomh maith leis sin, leagann an plean amach na grúpaí a bhfuil freagracht orthu gach ceann de na beartais a chuir i bhfeidhm, agus cén amscála a bhaineann le chuile cheann.

Príomh-Spriocanna & Gníomhaíochtaí
Leagann an Plean seo os cionn 35 sprioc agus 100 beartas ar leith amach a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 25 geallsealbhóir. Is iad príomh-spriocanna an Phlean Gnímh ná:

Tacú le Pobail Inbhuanaithe
• 3% de mhéadú ar an daonra
• 10 teaghlach sa bhreis ag cónaí sa gceantar
• 20 teach a chur ar fáil le ceannach nó ar léas fadtéarmach
• Plean a fhorbairt chun margaíocht a dhéanamh ar an gceantar mar áit chónaithe tarraingteach don gcaighdeán saoil atá ar fáil

Tacú le Fiontar agus Fostaíocht
• 145 post nua lánaimseartha a chruthú
o 75 post le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta in spás nua fiontraíochta príobháideach & poiblí
o 40 post i ngnóthaí feirme malartacha le tacaíocht ó Teagasc
o 30 post bunaithe ar acmhainní nádúrtha le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí éagsúla
• Mol digiteach gteic nua á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i mBaile an Sceilg
• 20 gnó feirme malartacha bunaithe le tacaíocht ó Teagasc
• 15 cúrsa printíseachta in aghaidh na bliana le tacaíocht ó BOO Chiarraí

An Cultúr agus an Chruthaitheacht a chothú i bPobail Tuaithe
• Plean Teanga Chiarraí Theas a chur i bhfeidhm
• 5% de mhéadú ar ghnáthúsáid laethúil na Gaeilge
• Coláistí samhraidh Gaeilge a athbhunú sa gceantar le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Ár nAcmhainn a uasmhéadú maidir le Turasóireacht agus Áineas/Caitheamh Aimsire Tuaithe
• Méadú 10% ar chuairteoirí sa gceantar
• Méadú 20% ar lóistín turasóireachta ar feadh na bliana ar fad

Bonneagar Tuaithe a fheabhsú
• Athbhunú ar aistriú éigeandála ospidéil ar héileacaptar 24/7
• Réimeas cánach níos mealltaí dóibh siúd ag cuimhneamh ar lonnú sa cheantar

Cur i bhFeidhm
Bunófar Grúpa Stiúradh um Fheidhmiú mar scáth-ghrúpa ionadaíochta do phríomh eagraíochtaí agus don phobal agus feidhmeoidh sé mar nascfhóram do na míreanna éagsúla den Phlean Gníomhaíochta. Feidhmeoidh an Grúpa Stiúrtha ar son an Tascfhórsa nuair is gá chomh maith le pleananna gníomhaíochta bliantúla a fhorbairt agus tosaíochtaí a shocrú.
Cheadaigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maoiniú le gairid do fhorbairt tograí aitheanta i bPlean Gníomhaíochta Uíbh Ráthach. Tacóidh an maoiniú le feidhmiú an phlean a mbeidh fostú Bainisteoir Tionscnaimh lárnach do chomhordú feidhmiú an phlean ar feadh tréimhse 3 bliana. Déanfaidh Údarás na Gaeltachta comhaoiniú agus bainistiú líne ar an mbainisteoir tionscnaimh a bheidh lonnaithe i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.
Chuige sin, tá Kathleen Breathnach ón gCnopóg, An Dromad in Uíbh Ráthach ceaptha mar Bhainisteoir Tionscnaimh don phlean seo, agus tá sí tar éis tosnú ar a cuid dualgais le cúpla lá anuas. Tá 18 bliain caite ag Kathleen ag obair mar bhainisteoir ar Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, agus bhí sí fostaithe mar áisitheoir don tascfhórsa nuair a bhí an phlean á réiteach.

Tuilleadh Eolais

Comhthéacs
Ar thabhairt faoi deara bagairtí teangan agus titim daonra in Uíbh Ráthach, d’aithin an pobal áitiúil, agus chuir siad in iúl, an gá le gníomhaíocht chomhbheartaithe. Ar shála an taighde a lorg siad ar na dúshláin maidir le déimeagrafaic an cheantair, d’iarr Comhchoiste Uíbh Ráthaigh agus an pobal go rachfaí i ngleic le fadhbanna a bhain le titim daonra, dul an aois pobail, agus meath eacnamaíochta agus sóisialta. Le haontú ó na príomh ranna agus áisíneachtaí, bunaíodh an Tascfhórsa Idir-áisíneachta do Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus tionóladh an chéad chruinniú ar an 4 Meán Fómhair 2017 i mBaile an Sceilg. Ghnóthaigh an tascfhórsa bunaithe móiminteam agus aitheantas náisiúnta gan moill maidir lena chur san áireamh mar ghníomh so-dhéanta den Phlean Gníomhaíochta d’Fhorbairt Tuaithe a bhí á ullmhú ag an am agus ina dhiaidh sin mar chuid de stráitéisí a bhain le háisíneachtaí eile stáit agus náisiúnta.

Baill an tascfhórsa
Údarás na Gaeltachta (Cathaoirleach & Rúnaíocht)
An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Comhairle Contae Chiarraí
Coillte
Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí
Coláiste na Sceilge
Oifig Fiontair Áitiúil Chiarraí
Comharchumann Naomh Fhionáin
Local Link, Ciarraí
Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
Coláiste Mhuire gan Smál (Luimneach)
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Skelligs Chocolate
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Skellig Coast Tourism Network
Éigse na Brídeoige
Skellig CRI
Fiontraíocht Éireann
Páirtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas Teo
Fáilte Éireann Teagasc
Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Téarmaí Tagartha
Cuireadh mar chúram ar an tascfhórsa plean comhtháite trasearnála a fhorbairt do cheantar Uíbh Ráthaigh agus na cuspóirí seo rompu:
• an ceantar a athbheochan le hinfheistiú agus fiontraíocht a mhealladh
• díriú ar thitim thubaisteach an daonra sa cheantar
• díriú ar riachtanais eacnamaíochta agus shóisialta an phobail ar aon dul leis an cúig cholún agus na cuspóirí a bhaineann leis an bPlean Gníomhaíochta d’Fhorbairt Tuaithe.
• a bheith ar aon dul le Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010- 2030, plean stráitéise Údarás na Gaeltachta 2018-2020, agus Plean Pobail agus Eacnamaíochta Áitiúla Chiarraí 2016-2021 agus le pleananna de Thionóil Réigiúnach an Deiscirt a bhaineann le háireamh.
Tugtar faoi deara mar sin go bhfuil an Plean Gníomhaíochta ar aon dul leis an bPlean Gníomhaíochta d’Fhorbairt Tuaithe, ag glacadh lena leagan amach agus struchtúr agus na colúin a bhaineann leis.

Cuspóirí agus Spriocanna Straitéiseacha
Leagan an Plean Gníomhaíochta amach cheithre chuspóir straitéiseacha, faoi scáth a chéile, don cheantar agus spriocanna dá réir –
Cuspóir Straitéiseach Sprioc
1 a. Caomhnú agus meadú daonra • Méadú daonra 3%
• 10 teaghlach sa bhreis
• Méadú daonra fadtéarmach de 2,100
1 b. Struchtúr an daonra a fheabhsú • Spleáchas óige a mhéadú 6% san fhadtéarma
• Spleáchas aostach a mhéadú 6% san fhadtéarma
• Méadú ar bheogacht daonra 6% san fhadtéarma
1 c. Deiseanna fostaíochta a mheadú • 145 postanna nua FTE a chruthú ar mhaithe le teaghlaigh bhreise agus tearcfhostaíocht; sin
• Mol digiteach gteic a fhorbairt sa Ghaeltacht chun timpeallacht chomhoibrithe chruthaitheach a chur ar fáil
1 d. Struchtúr fostaíochta a fheabhsú • Méadú 20% i ngach réimse: i ndéantúsaíocht, seirbhísí agus gnó
1 e. Caomhnú agus athbhunú ar na príomhsheirbhísí chaighdeán beatha is gá do pobal inbhuanaithe • Stáisiún Gardaí i gCathair Saidhbhín, le foireann iomlán agus gach achmhainn, ag feidhmiú 24/7
• Ionad cúram príomhúil i gCathair Saidbhín
• Athbhunú a luaithe agus is féidir ar aistriú éigeandála ospidéil ar héileacaptar 24/7
• Aonad géarshíciatrach 24/7 i gCathair Saidhbhín
• Seirbhísí leighis speisialaithe ar fáil go rialta ag freagairt d’éileamh
1 f. Caomhnú agus forbairt na n-acmhainní leithleacha cultúrtha agus teanga • Méadú 5% ar ghnáthúsáid laethúil na Gaeilge
• Méadú 10% ar chuairteoirí ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí cultúrtha
• Méadú 10% ar chuairteoirí go láithreacha cultúrtha

Anuas ar na spriocanna, faoi scáth a chéile, aithníodh cúig chuspóir oibríochtúla –
a) Timpeallacht a chruthú a mheallfaidh agus a bhuanóidh gnó sa cheantar;
b) Áiseanna agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil chun daoine a mhealladh chun fanacht nó lonnú sa cheantar;
c) Timpeallacht a chruthú d’úsáid na Gaeilge mar theanga phobail.
d) Gníomhaíochtaí, seirbhísí, agus áiseanna a bheith ar fáil chun cuairteoirí a mhealladh le béim ar chuairteoireacht thar óiche;
e) Ardán a sholáthar chun an ceantar a mholadh mar áit chónaithe, láthair oibre agus cuairteoireachta, agus cur leis sna stráitéisí ann cheana mar shampla, Plean Margaíochta Chósta na Sceilge;

Tá gach cuspóir acu seo múnlaithe ar aon dul le colún cinnte den Phlean Gníomhaíochta d’Fhorbairt Tuaithe le sraith d’fheidhmeanna nasctha, agus baintear leas as gach cuspóir nó aonad cuspóirí chun gníomhaíochtaí ar leith a aithint agus a roghnú.

Suirbhé an Diaspóra
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta, déanadh suirbhé ar an diaspóra, formhór a d’fhág iar-1990, suirbhé a chabhraigh leis an bplean a fhorbairt. Dhírigh an suirbhé ar chúiseanna a bhain leis an gceantar a fhágáil, na seansanna go bhfillfí abhaile agus cad a spreagfadh cinneadh ina leith. As an aiseolas bhí an méid seo le rá ag tromlach na rannpháirtithe
• cúiseanna fostaíochta agus eacnamaíochta is mó a spreag fágála;
• céimithe nó iar-chéimithe a bhformhór;
• filltear abhaile go minic agus braitear ceangal leis an gceantar;
• d’fhillfí abhaile dá mbeadh feabhas eacnamaíochta sa cheantar.

Saintréithe de Phobail Tuaithe Inbhunaithe
Gné eile ríthábhachtach agus ar leith den Phlean Gníomhaíochta ná go leagann sé amach na tréithe a bhaineann le pobal tuaithe inbhuanithe, chomh maith le bealaí inar féidir teacht i gcabhair ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus an tábhacht a bhaineann le ceantair tuaithe maidir le rathúlacht idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnach, agus le forbairt inbhuanithe. Chomh maith leis seo, nascann sé an plean gníomhaíochta go dlúth le polasaí idirnáisiúnta agus náisiúnta, agus aithnítear na príomhghnéithe ar cheart aird a thabhairt orthu chun cabhrú le pobail tuaithe inbhuanaithe a bhunú.