Maisc Aghaidhe déanta as Caonach Móna a thugann an lá leo

15 Márta, 2018

nóiméad léite

Cosmaidí Boue, comhlacht nuabhunaithe as Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall a fógraíodh ina mbuaiteoirí ar Chraobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2018 a bhí ar siúl i nGaillimh ar an 15 Márta 2018.

As an 750 dalta idirbhliana as ceantair Ghaeltachta i gCorcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, An Mhí agus Port Láirge a ghlac páirt sa gclár, ocht bhfoireann a roghnaíodh chun dul ar aghaidh go dtí an Chraobh Náisiúnta. Léiríonn an caighdeán a leag na buaiteoirí réigiúnacha síos go mbeidh cáil ar bhuaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta mar fhiontraithe atá an-chliste go deo.
Grace Ní Chonchúir, Kate Ní Chnáimhsí, Aifric Nic Niallais, Clionagh Nic Suibhne, Molly Nic Pháidín agus Caitlin James a bhunaigh Cosmaidí Boue. Táirgeann an comhlacht maisc aghaidhe atá déanta as caonach móna agus táthar ag maíomh gurb é an chéad mhasc aghaidhe déanta as caonach móna atá ar an margadh áilleachta. Tá aló íceach, tae seasmaine agus ola eocalaipe sa meascán, ábhair a cruthaíodh go heolaíoch a dhéanann maith do do chraiceann.

“Chuir tacaíocht Údarás na Gaeltachta ar chumas os cionn 750 dalta sa tsraith shinsearach taithí phraiticiúil fhiontraíochta a fháil sna Gaeltachtaí ar fad tríd Chlár na gComhlachtaí i mbliana."

Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland Helen Raftery

Is iad na meantóirí gnó áitiúla a bhí ag Cosmaidí Boue ná Evelyn Cagney, Pet Lamb Design agus Criostóir Mac Suibhne as Údarás na Gaeltachta.

Is taithí phraiticiúil ghnó atá i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta atá á fhorbairt agus á sheachadadh tríd Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Junior Achievement Ireland (JAI). Foghlaimíonn na daltaí conas a ngnó féin a thosú, agus faigheann siad treoir maidir leis an smaoineamh, taighde margaíochta, táirgeadh, margaíocht, díolachán agus airgeadas. Rinne oibrithe gnó áitiúla, feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta, JAI in éineacht leis na múinteoirí scoile meantóireacht ar na daltaí.

Tar éis iomaíocht ghéar sna babhtaí réigiúnacha i gCiarraí, Maigh Eo, Gaillimh agus Dún na nGall rinne foirne as Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí, Coláiste Chroí Mhuire An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Gaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo; Coláiste Ghobnait, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe; Preab Teo., Gaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo, DCM, Gairmscoil Chú Uladh, An Clochán, Leifear, Co. Dhún na nGall ionadaíocht chumasach thar ceann a gceantar ag an gCraobh Náisiúnta. Bhain na daltaí ar fad a bhí páirteach an-sásamh as an gceardlann chumarsáide le Darach Ó Tuairisg as Fíbín an lá roimh an Chraobh le gach foireann ag cur a gcuid táirgí ar taispeáint ag seastán gnó, ag léiriú a n-éirim gnó le linn agallamh na moltóirí agus ag cur a gcuid smaointe gnó os comhair an phobail ar lá na craoibhe.

Ba iad Sinéad Ní Fhátharta, Údarás na Gaeltachta agus Ruairí Noone, Fiontraí a bhí ag moltóireacht agus bhí siad an-tógtha le léiriú na ndaltaí thar na réimsí ar fad den chomórtas ach ba iad Cosmaidí Boue a fuair an ceann is fearr ar Hataí Stetson & Céimeanna as Gairmscoil Chú Uladh agus Preab Teo. as Coláiste Ghobnait, Inis Oírr leis an smaoineamh gnó nuálach agus a léiriú ar an lá.
Léiríonn taighde as an Eoraip maidir le daltaí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí oideachais fhiontraíochta ar nós Clár na gComhlachtaí gur mó seans atá acu a ngnó féin a bhunú, agus is lú seans go mbeidh siad dífhostaithe agus níos minice bíonn siad i bhfostaíocht seasta. Tugann Clár na gComhlachtaí cúnamh maidir le cruthaitheacht, tionscnaíocht, tuiscint airgeadais, obair foirne, scileanna cumarsáide agus fonn freagrachta – scileanna agus tréithe a bheidh tairbheach agus iad ag dul chun cinn i saol na hoibre.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Ba mhór an spreagadh an oiread sin fiontraithe óga a fheiceáil ag Clár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2018. Léiríonn a n-eolas agus a ndíograis ar a gcuid smaointe gnó go bhfuil an fhiontraíocht sa nGaeltacht slán sábháilte. Tá Údarás na Gaeltachta an-mhórtasach as an tacaíocht a chuirtear ar fáil chun fiontraíocht i measc daltaí a chur chun cinn i gcomhar le Junior Achievement Ireland agus tá mé cinnte go bhfeicfidh muid tuilleadh de na fiontraithe óga seo san am atá le teacht. Comhghairdeachas mór leis an bhfoireann chaithréimeacha as Pobalscoil Ghaoth Dobhair as bhur ndúthracht agus bhur fonn fiontraíochta. Tá mé cinnte go spreagfaidh na hiarrachtaí seo fiontair sa nGaeltacht amach anseo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland Helen Raftery: “Chuir tacaíocht Údarás na Gaeltachta ar chumas os cionn 750 dalta sa tsraith shinsearach taithí phraiticiúil fhiontraíochta a fháil sna Gaeltachtaí ar fad tríd Chlár na gComhlachtaí i mbliana. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na múinteoirí agus na meantóirí gnó as a ndúthracht tacú agus forbairt a dhéanamh ar thallann fiontraíochta na ndaltaí a d’éirigh níos muiníne i go leor tras-scileanna ar nós obair foirne, idirbheartaíocht agus caint phoiblí – scileanna a bheidh an-úsáideach dóibh agus iad ag dul ar aghaidh i saol na hoibre. Comhghairdeachas leis na foirne ar fad a thuill a gcuid áiteanna sna craobhacha réigiúnacha agus náisiúnta agus le Cosmaidí Boue as Pobalscoil Ghaoth Dobhair buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2018.”