Luach €900 míle de dheontais agus 70 post nua ceadaithe ag an Údarás

25 Iúil, 2010

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord an Údaráis sna Forbacha inniu (23 Iúil) ceadaíodh luach €900 míle de dheontais agus 70 post nua do thograí Gaeltachta. I measc na dtograí ar ceadaíodh tacaíocht dóibh bhí Coiste Cúraim Leanaí na Ceathrú Rua. Fógrófar sonraí na dtograí ar ceadaíodh cúnamh dóibh agus an fhostaíocht a bhaineann leo nuair a bheidh na socruithe cuí déanta leis na comhlachtaí atá i gceist.