Largo Foods, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

3 Aibreán, 2009

nóiméad léite

Is trua leis an Údarás an cinneadh atá déanta ag an chomhlacht Largo Foods Exports Ltd meascán de phoist lán-aimseartha agus páirt-aimseartha, gur comhionann iad agus 123 post lán-aimseartha, i bhfochomhlachtaí dá chuid ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a scor.

Is de bharr an ghéar-iomaíocht sa mhargadh, an ráta malairte íseal Euro/Sterling agus costais arda táirgeachta atá an cinneadh seo déanta ag an chomhlacht. Beidh roinnt den obair tháirgeachta atá á dhéanamh ag fochomhlachtaí Largo Foods ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a aistriú chuig a phlanda uathoibrithe táirgeachta i gCill Déagláin i gCo. na Mí. Tuigtear don Údarás go bhfuil an cinneadh seo riachtanach leis an ghnó a shlánú sa todhchaí.

Fáiltíonn an tÚdarás roimh chinneadh Largo Foods leanúint leis ag díriú ar tháirgí ard-luacha a fhorbairt agus a tháirgeadh ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus beidh an tÚdarás ag obair leis an chomhlacht ar bhonn leanúnach ina chuid iarrachtaí an gnó sin a fhorbairt agus a chur ar bhonn seasta.

Beidh socruithe a ndéanamh leis na hoibrithe a ligfear chun bealaigh clárú leis an Údarás má tá suim acu i ndeiseanna fostaíochta eile nó i ndeiseanna le cur lena gcuid scileanna agus déanfaidh an tÚdarás gach is féidir leis le tograí fostaíochta nua a mhealladh chuig an cheantar.