Largo Foods le hinfheistíocht bhreise a dhéanamh sa ghnó déantús smailceanna i nGaoth Dobhair

20 Meitheamh, 2011

nóiméad léite

Tá sé fógartha ag Largo Foods inniu, ceann de na príomh déantúsóirí agus dáileoirí smailc-bhia in Éirinn, go mbeidh breis infheistíocht de €2.6 milliún a dhéanamh san áis déantúsaíochta atá ag an chomhlacht ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall.

Tá an fógra seo á dhéanamh inniu (20 Meitheamh) agus líne nua déantúsaíochta do smailceanna nua ríse agus toirtíle á seoladh go hoifigiúil inniu ag an Aire Stáit san Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D san áis déantúsaíochta i nGaoth Dobhair. Tá an líne nua táirgeachta seo, a tógadh go speisialta i Casa Herrera sna Stáit Aontaithe, ag feidhmiú go hiomlán anois agus ag soláthar smailc-bhia slánghráin do mhargaí na hÉireann agus na Breataine.

Tá 190 duine, idir lánaimseartha, páirtaimseartha agus séasúrach (ionann agus 123 post lánaimseartha) fostaithe san áis i nGaoth Dobhair.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D “Tá an an infheistíocht nua seo sa bhreis ar infheistíocht €2.2 milliún eile a rinneadh sa ghnó in anuraidh (2010). Molaim Largo Foods as an chur chuige gnó atá ag an chomhlacht. Ní cinneadh éasca a bhí ann don Ghrúpa dhá bhliain ó shin an gnó a athstruchtúrú agus costais a ghearradh ach tá torthaí na hoibre le feiceáil againn inniu. Mar thoradh ar na línte breise, an méadú ar acmhainneacht agus an leathnú ar an réimse táirgí, beidh éifeachtúlacht níos fearr agus an díolacháin níos airde agus cabhróidh sé leis an fhostaíocht reatha a choinneáil slán i nGaoth Dobhair. Molaim Ray Coyle go háirithe, Príomhfheidhmeannach Largo Foods. Níl dabht ar bith murach a thiomantas pearsanta don áis déantúsaíochta i nGaoth Dobhair, bheadh todhchaí Largo Foods anseo níos deacra.”

Dúirt Ray Coyle, Príomhfheidhmeannach Largo Foods, “Easpórtáiltear thart ar 70% den méid a tháirgeann Largo Foods i nDún na nGall chuig an Bhreatain. Is é an straitéis atá againn ná leanúint le Taighde agus Forbairt agus infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí ardluacha chun ár n-éifeachtúlacht a mhéadú, an gnó a fhás agus a dhéanamh inmharthanach i nGaoth Dobhair. Tá mé muiníneach gur féidir linn é seo a dhéanamh le tacaíocht agus comhoibriú ó na hoibrithe, ó Údarás na Gaeltachta agus ár gcustaiméirí”.

Dúirt Seán Ó Labhraí, Príomhfheidhmeannach Gníomhach Údarás na Gaeltachta a thacaigh leis an togra “Is údar misnigh é an infheistíocht bhreise seo atá á dhéanamh ag Largo Foods san aeráid dhúshlánach eacnamaíochta atá ann faoi láthair agus is vóta muiníne ag an chomhlacht é i gceantar Ghaoth Dobhair agus san fhórsa saothair ansin”.