Ionad Teagmhála Vhi Healthcare fógraithe ag Údarás na Gaeltachta 25 post nua do Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair

10 Eanáir, 2007

nóiméad léite

Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta le gairid, ceadaíodh pacáiste tacaíochta le Ionad Teagmhála nua de chuid Vhi Healthcare ina mbeidh 25 post a lonnú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Beidh an tIonad Teagmhála i mbun gnó taobh istigh de 18 mí. Beidh Ionad Ghaoth Dobhair mar chomhlánú don ionad teagmhála atá ag Vhi Healthcare i gCill Chainnigh cheana féin. Tá Vhi Healthcare ar an árachóir sláinte is mó in Éirinn le ballraíocht de 1.56 milliún duine.

Ag fógairt na bpostanna seo, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, “Tá Vhi Healthcare ar cheann de na comhlachtaí is mó aitheanta sa tír, a bhfuil branda láidir cruthaithe aige, agus is vóta muiníne é an infheistíocht seo sa lucht oibre agus sa cheantar go ginearálta. Treisíonn an ráiteas seo inniu an acmhainneacht atá ag Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair an bunús scileanna agus an bonneagar teicniúil a chur ar fáil le fiontair nuálaíoch mar seo a mhealladh.”

Dúirt Michael Owen, Stiúrthóir Acmhainní Daonna Vhi Healthcare “Is cúis áthais dúinn go bhfuil an tIonad Teagmhála seo a lonnú i nDún na nGall agus tá muid cinnte go gcuirfidh sé leis an tseirbhís atá ar fáil dár mbaill. Is ar an teileafón a dhéanann tromlach de bhaill Vhi Healthcare teagmháil linn agus is mór dóibh labhairt le duine atá in ann déileáil lena bhfiosrúchán láithreach agus réiteach a chur ar fáil dóibh. Is buntáiste é do Vhi Healthcare a bheith lonnaithe i nGaoth Dobhair de bharr go dtugann sé deis dóibh an tseirbhís a chur ar fáil do na baill trí Ghaeilge.

Cuirfear tús le feachtas earcaíochta láithreach agus beidh an Ionad Teagmhála faoi lán tseoil in Aibreán 2007. Eagrófar oíche eolais in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair, Dé Luain 15 Eanáir ag 8.00i.n.