Ionad Tacaíochta Cónaithe Charna oscailte go hoifigiúil

14 Bealtaine, 2012

nóiméad léite

Ag ócáid a bhí ar siúl i gCarna, inniu, (12 Aibreán), d’oscail an tAire Sláinte, An Dr. James Reilly, T.D., Ionad Tacaíochta Cónaithe Charna go hoifigiúil.

Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, d’fhorbair An Dr. Micheál Ó Cathasaigh agus a bhean céile Sally, an tIonad Tacaíochta Cónaithe ar chostas iomlán de bheagnach leath mhilliún euro. Cuirtear seirbhís ar fáil san Ionad do dhaoine aosach a bhfuil cúram agus aire ag teastáil uathu ach nach bhfuil an dianchúram a chuirtear ar fáil i dteach altranais, uathu. Tá neamhspleáchas ag na daoine san Ionad agus tugann siad bun aire dóibh féin, ach ag an am gcéanna, tá siad faoi chúraim an dochtúra agus speisialtóirí sláinte eile de réir mar a bhíonn gá leis.

Tá áit san Ionad seo do dhá dhuine dhéag aosaigh agus tá an tseirbhís ceangailte le seirbhísí cúram an tigh altranais a hosclaíodh ansin sa bhliain 2003 le tacaíocht ón Údarás chomh maith. Idir an teach altranais agus an tIonad Tacaíochta Cónaithe, tá 38 fostaithe go lánaimseartha, naonúr acu seo san Ionad Tacaíochta Cónaithe.

Tá ag éirí thar cion leis an togra agus tá freastal cuimsitheach á dhéanamh ar aosaigh an cheantair. Tá an fhorbairt seo ag cur go mór leis an mbunstruchtúr cúraim agus sláinte sa cheantar. Tá na hionaid á reáchtáil trí mheán na Gaeilge agus tá seirbhís luachmhar trí Ghaeilge á chur ar fáil d’aosaigh an cheantair.

– Sa ghrianghraf ó chlé tá: Seán Ó Cadhain, TD; An Dr Micheál Ó Cathasaigh, dílseánach; an tAire Sláinte, an Dr James Reilly, Sally Casey, dílseánach agus Stiofán Ó Cúláin, Priomhfheidhmeannach Ceaptha, Údarás na Gaeltachta.