Infheistíocht shuntasach déanta ag Clódóirí Lurgan Teo

6 Márta, 2009

nóiméad léite

Tá an comhlacht clódóireachta Clódóirí Lurgan Teo tar éis infheistíocht shuntasach a dhéanamh sa ghnó le hinsealbhú clódóir nua ard-theicneolaíochta Rapida 75 a chosain €680,000.

Ag ócáid i gClódóirí Lurgan inniu sheol Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, an clódóir daite nua de dhéanamh KBA. Is iad Clódóirí Lurgan an chéad chomhlacht priontála in Éirinn agus sa Bhreatain leis an t-inneall seo a insealbhú.

Mhol Pádraig Ó hAoláin an comhlacht as ucht an straitéis ghnó atá á chur i bhfeidhm acu. “Tá misneach agus creideamh láidir ag úinéir an chomhlachta Micheál Ó Conghaile an infheistíocht mhór seo a dhéanamh ag an tráth seo. Tá fiontraithe dá leithéid níos tábhachtaí ná riamh san aeráid eacnamaíochta atá ann faoi láthair. Déanfaidh an infheistíocht seo atá déanta ag Clódóirí Lurgan san innealra nua an caighdeán priontála a ardú, an táirgiúlacht a mhéadú, éifeachtacht a fheabhsú agus cinnteoidh sé go mbeidh an comhlacht iomaíoch i lár an mhargaidh.”

Thug Mícheál Ó Conghaile, úinéir an chomhlachta, le fios go raibh infheistíocht leanúnach á dhéanamh sa ghnó le cúpla bliain anuas agus ghlac sé buíochas leis an Údarás as ucht a dtacaíochta. Dúirt sé go raibh an t-innealra nua in ann ábhar a chló dhá uair níos tapa, go raibh sé níos éifeachtaí ó thaobh úsáid fuinnimh de agus go mbeidh an comhlacht níos iomaíoch dá bharr.

Thug bainisteoir ginearálta an chomhlachta, Mícheál Ó Braonáin le fios ag an ócáid go mbeadh suíomh nua idirlín www.clprint.ie á sheoladh ag an chomhlacht go luath.