Hovid Teo

16 Samhain, 2006

nóiméad léite

Tá sé fógartha ag Hovid Teo. go bhfuil siad chun scaoileadh le 19 den fhoireann ó inniu 17 Samhain 2006. Scaoileadh 30 duine chun bealaigh Dé hAoine seo caite.

Déanadh an cinneadh seo de bharr an laghad éileamh atá ar tháirge an chomhlachta faoi láthair. Tá seo amhlaidh mar gur gnó séasúrach atá ann. Tuigtear dúinn gur socrú sealadach atá anseo agus tá an bhainistíocht ag déanamh gach iarracht réiteach a fháil ar an fhadhb go luath.

Tá cainteanna leanúnach ar siúl idir feidhmeanna an Údaráis, bainistíocht an chomhlachta agus an máthairchomhlacht. Tá siad dóchasach go mbeifear ag dul i mbun táirgíochta arís go luath sa bhliain nua.