Gcom Teoranta sna Forbacha le héirí as trádáil

1 Iúil, 2008

nóiméad léite

Tá cinneadh déanta ag Bord Stiúrtha Gcom Teoranta éirí as trádáil le feidhm ó dheireadh mí Iúil.

Bhunaigh Údarás na Gaeltachta Gcom Teo i 1987 agus ó shoin i leith bhí baint ghníomhach ag Gcom le forbairt Theicneolaíocht na Faisnéise agus na Teileachumarsáide sa Ghaeltacht ar mhaithe le hiomaíochas na gcomhlachtaí dúchasacha sa Ghaeltacht a fheabhsú. Chomh maith leis sin, sholáthair Gcom cúrsaí oiliúna i scileanna ríomhaireachta do scoileanna Gaeltachta, do chuideachtaí agus do bhaill an phobail.

Le deich mbliana anuas tá Gcom ag braith ar mhaoiniú ó thograí trasnáisiúnta a bhí cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach faoi chláir éagsúla. Tá roinnt athruithe tagtha chun cinn le cúpla bliain anuas, áfach, a chruthaigh deacrachtaí don chomhlacht ó thaobh cúrsaí maoinithe de.

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, agus é ag tagairt don chinneadh, “Tá an-obair déanta ag Gcom le blianta anuas i dtaobh cur chun cinn na teicneolaíochta sa Ghaeltacht, ach de bharr an laghdú atá tagtha ar líon na gclár taighde agus forbartha ón Aontas Eorpach; an mhoill ar thionscadail Eorpacha nua teacht chun cinn; an laghdú ar an mhaoiniú a bheidh ar fáil ón Aontas Eorpach de bharr iomaíocht ó thíortha Oirthear na hEorpa agus an easpa éilimh ar a chuid seirbhísí ó chliaint-chomhlachtaí Gaeltachta, tá cinneadh déanta ag an mBord Stiúrtha an comhlacht a scor.”

Bhí triúr fostaithe ag Gcom agus beidh an fhoireann sin á scor ag deireadh na míosa seo.