Fógraíonn Mylan 220 post nua i nGaeltacht na Gaillimhe

18 Aibreán, 2012

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an Taoisigh Enda Kenny inniu (Dé Céadaoin, 18 Aibreán) go bhfuil Mylan, ceann de na príomh-chomhlachtaí cógaisíochta ar domhan, chun an áis déantúsaíochta agus taighde agus forbartha atá aige – Bioniche Pharma in Indreabhán i nGaillimh, a leathnú agus suas le 220 post nua a chruthú.

Forbraíonn agus táirgeann Bioniche Pharma, cliantchomhlacht de chuid an Údaráis, cógaisíocht in-insteallta. Tá 160 duine fostaithe sa chomhlacht faoi láthair ar Eastát Tionscail an Údaráis in Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Díríonn na pleananna forbartha atá ag Mylan in Éirinn, ar a n-áirítear suíomhanna i mBaile Átha Cliath agus i gConamara, ar fhorbairt áiseanna taighde agus forbartha agus déantúsaíocht táirgí saincheadúnais riospráide, in-insteallta agus solaid bhéil an chomhlachta.

Agus é ag déanamh an fhógra, dúirt an Taoiseach Enda Kenny: “Fáiltíonn muid roimh chinneadh Mylan leathnú i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Tá Mylan lárnach in earnáil cógaisíochta na hÉireann agus ar cheann de na soláthraí is mó sa tír, ag soláthar earraí cógaisíochta cineálacha agus cógais thar an gcuntar ar ardchaighdeán don mhargadh. Léiríonn fógra an lae inniu, mar aon leis an gcáil atá ar an gcomhlacht mar fhostóir sármhaith agus easpórtálaí iontaofa in Éirinn le chúig bhliana fichead, an tiomantas leanúnach atá ag Mylan dá ghnó in Éirinn agus an t-aitheantas a thugann sé do chumas na bhfostaithe éirimiúla.”

Ag tagairt don fhógra, dúirt an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., go mbeidh tionchar suntasach eacnamaíoch ag an infheistíocht atá déanta ag Mylan ar Ghaeltacht na Gaillimhe. “Is vóta muiníne sa cheantar agus san fhórsa saothair áitiúil é an cinneadh atá déanta ag Mylan forbairt shuntasach a dhéanamh ar an áis déantúsaíochta agus taighde agus forbartha atá aige i gConamara. Molaim an tÚdarás Forbartha Tionscail (IDA Ireland) agus Údarás na Gaeltachta as ucht an infheistíochta seo a mhealladh chuig Gaeltacht na Gaillimhe. Is dea-shampla é seo den dóigh a gcomhoibríonn gníomhaireachtaí forbartha na hÉireann lena chéile chun a chinntiú go bhfaigheann Iarthar na hÉireann, agus an Ghaeltacht ach go háirithe, tairbhe as an fhostaíocht a chruthaítear de bharr infheistíocht dhíreach eachtrach (FDI).”

Dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin: “Is scéal thar a bheith dearfach é seo do Chonamara agus don Ghaeltacht. Seo ceann de na tograí is mó infheistíochta sa Ghaeltacht riamh. Tá an tÚdarás ag súil go mór le hoibriú le Mylan agus Bioniche Pharma sna blianta amach romhainn chun an fhorbairt atá beartaithe acu a chur i bhfeidhm.”

Tá thart ar 700 duine fostaithe ag Mylan faoi láthair sna háiseanna atá ag an chomhlacht i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.

Dúirt Heather Bresch, Príomhfheidhmeannach Mylan: “Is léiriú é an infheistíocht seo atá déanta ag Mylan sa ghnó in Éirinn agus an fás atá tagtha ar ár n-acmhainní sa tír, ar ár dtiomantas leanúnach agus ar an muinín atá againn as ár saincheadúnas riospráide agus in-insteallta, iad araon mar thiomántóirí fáis fadtéarmacha ag Mylan. Tá Éirinn luachmhar do Mylan, tír a sholáthraíonn lucht saothair ardoilte ag a bhfuil eitic oibre láidir mar atá againn féin agus atá tiomanta chun ardchaighdeán a bhaint amach. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Taoiseach Enda Kenny, an tAire Richard Bruton agus an tÚdarás Forbartha Tionscail (IDA Ireland) as ucht a gcuid tacaíochta go léir. Is mian liom freisin aitheantas a thabhairt d’fhostaithe Mylan in Éirinn as ucht a gcuid oibre crua agus a dtiomantas dár rath leanúnach.”

Ag fáiltiú roimh an fhógra, dúirt Barry O’Leary, Príomhfheidhmeannach Údarás Forbartha Tionscail na hÉireann: “Is forbairtí thar a bheith dearfacha d’earnáil eolaíocht bheatha na hÉireann iad na forbairtí atá déanta ag Mylan ar ghnó Bioniche i gConamara agus i mBaile Dúill i mBaile Átha Cliath. Guím gach rath ar Mylan sa ghnó seo agus ar son an Údaráis Forbartha Tionscail, táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leis an gcomhlacht sa todhchaí.”