Fáiltíonn an tÚdarás roimh an scéala go bhfuil Fintrax ceannaithe ag an chomhlacht infheistíochta Exponent Private Equity.

20 Lúnasa, 2012

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an scéala go bhfuil Fintrax, cliaint chomhlacht de chuid an Údaráis, ceannaithe ag an chomhlacht infheistíochta Exponent Private Equity.

Tá ceannáras Fintrax lonnaithe ar Eastáit Tionscail an Údaráis ar an Tulach i nGaeltacht na Gaillimhe.

Is comhartha muiníne é don Údarás go bhfuil an bhainistíocht a d’fhorbair Fintrax go dtí an stáid rathúil seo ag fanacht leis an chomhlacht agus fiú ag ath-infheistiú cuid den phraghas ceannacháin chun cur le forbairt an chomhlachta amach anseo.

Is cúis sásaimh chomh maith go bhfuil ceannáras an chomhlachta le fanacht ar Eastáit Tionscail an Údaráis ar an Tulach, Baile na hAbhann agus tá bainistíocht an Údaráis ag súil go mór le hoibriú leis na húinéirí nua sna pleananna nua forbartha atá beartaithe acu don chomhlacht amach anseo i gConamara.