€1 Milliún Ceadaithe don Earnáil Chlosamhairc

22 Nollaig, 2006

nóiméad léite

D’fhógair Údarás na Gaeltachta agus TG4 inniu go bhfuil ciste de €1 milliún le h-infheistiú san earnáil chlosamhairc do phleanáil straitéiseach na gcomhlachtaí léiriúcháin. Tá an ciste seo á mhaoiniú ag an Údarás, TG4 agus na comhlachtaí léiriúcháin Gaeltachta.

Sé aidhm na scéime bunús forbartha na gcomhlachtaí léiriúcháin a chothú agus a láidriú agus cur ar a gcumas ábhar smaointe do chláir a fhorbairt do TG4 agus do chraoltóirí eile. D’eascair an scéim seo as seisiún comhairliúcháin don earnáil chlosamhairc a eagraíodh in Óstán Chósta Chonamara le deireanaí ina raibh feidhmeannais ón Údarás, TG4 agus léiritheoirí Gaeltachta páirteach.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin “go dtabharfaidh an scéim seo deis do chomhlachtaí léiriúcháin Gaeltachta cur lena gcuid scileanna, cláir nua a fhorbairt, agus an earnáil chlosamhairc a threisiú sa Ghaeltacht”.

Dúirt Ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir “go dtabharfaidh an scéim deis do chomhlachtaí Gaeltachta plean straitéiseach a chur le chéile a rachaidh i dtairbhe na hearnála, na Gaeltachta agus na teilifíse.”