€1.58 milliún ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta d’eagrais phobail Gaeltachta

18 Aibreán, 2013

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta le gairid, deimhníodh go bhfuil soláthar €1.58 milliún ceadaithe d’eagrais phobail na Gaeltachta do 2013 le tacú leo a bpleananna oibre a chur i bhfeidhm.

Ceadaíodh €399,000 i bhfoirm deontais reáchtála do na heagrais phobail i nGaeltacht Dhún na nGall mar seo a leanas:

Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille Teo €48,000
Céim Aniar Teo €54,000
Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo €85,500
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo €58,000
Comharchumann Thoraí Teo €85,500
Pobal Eascarrach Teo €33,000
Comharchumann na nOileán Bheag Teo (Ancaire) €35,000

Ceadaíodh €779,038 i bhfoirm deontais reáchtála do na heagrais phobail i nGaeltachtaí Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus na Mí mar seo a leanas:

Comhar Chuigéal (Leitir Mealláin) Teo €31,350
Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo €70,000
Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo €31,350
Forbairt Chonamara Láir Teo €52,000
Coiste Cultúr Teanga & Forbartha Thuar Mhic Éadaigh €31,350
Comharchumann Mhic Dara Teo €52,000
Comharchumann Shailearna Teo €58,275
Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo €15,000
Comharchumann Forbartha Árann Teo €92,250
Comhairle Ceantair na nOileán Teo €50,000
Comhar Caomhán Teo €89,550
Comhar Dún Chaocháin Teo €41,000
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo €58,275
Comharchumann Ráth Chairn Teo €29,138
Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhle Teo €46,250
Comhlacht Forbartha an Spidéil Teo €31,250

Ceadaíodh €402,475 i bhfoirm deontais reáchtála do na heagrais phobail i nGaeltachtaí Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge mar seo a leanas:

Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas Teo €52,000
Comhlacht Forbartha na nDéise Teo €50,000
Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo €42,750
Comharchumann Forbartha Leith Triúigh Teo €52,725
Forbairt na Dromada Teo €47,500
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo €72,000
Comharchumann Chléire Teo €85,500