Duaiseanna Ghradaim Pobail na Gaeltachta Bronnta

1 Nollaig, 2008

nóiméad léite

Bronnadh duaiseanna Ghradam Pobail na Gaeltachta, comórtas de chuid Údarás na Gaeltachta agus TG4, ag mór-shearmanas bronnta in Óstan an Radisson i nGaillimh aréir (Dé Domhnaigh 30 Samhain).

Is é Comharchumann Forbartha Árann Teo, Inis Mór, a bhuaigh an chéad duais, €20,000 agus trófaí airgid. Tháinig Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo sa dara háit le duais €15,000 agus Comhar Chaomhán Teo, Inis Oírr sa tríú háit le duais €7,000 chomh maith le trófaí an ceann.

Ag labhairt dó ag an ócáid bhronnta, dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, “Thug Gradam Pobail na Gaeltachta aitheantas do naoi n-eagras eiseamláireach pobail a bhfuil caighdeán an-ard ag baint lena gcuid oibre. Is léir go bhfuil ról ceannródaíoch agus tionchar suntasach acu i gcur chun cinn gníomhaíochtaí riachtanacha sóisialta, cultúrtha, eacnamaíochta agus teanga ina bpobail Ghaeltachta féin. Is féidir linn a bheith bródúil as gach eagraíocht pobail a bhí páirteach, as a bhfís agus a ndíograis ar son a bpobail.”

Roghnaigh painéal moltóireachta, ar a raibh Edel Ní Chuireáin mar chathaoirleach, na buaiteoirí agus is é an tAire Éamon Ó Cuív, T.D. a bhronn an phríomhdhuais.

Agus é ag tagairt do na buaiteoirí, dúirt an tAire “Is eiseamláirí agus inspioráid dúinn sibh uilig agus is aitheantas speisialta na gradaim seo ar thábhacht bhur gcuid oibre. Léirigh na cláracha teilifíse le trí seachtaine anuas don tír trí chéile an sárobair atá idir lámha agaibh agus an réimse leathan gníomhaíochtaí atá ar siúl, ar oileáin agus ar an mórthír. Léiríonn sibh céard is féidir le pobal a bhaint amach i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí ar nós Údarás na Gaeltachta.”

An Príomhbhuaiteoir – Comharchumann Forbartha Árann, Inis Mór, Co. na Gaillimhe

Is eagras pobail é Comharchumann Forbartha Árann Teo atá ag cur réimse leathan seirbhísí sóisialta agus pobail ar fáil dá bpobal. Rinne an Comharchumann ionad athchúrsála bruscair a fhorbairt as an nua, bhí ról lárnach acu i bhforbairt ionad don aosach agus aonaid chónaithe sóisialta ar an oileán (Áras Rónáin) chomh maith le hionad turasóireachta (Ionad Árann), seirbhís bhreosla cárta-bhunaithe, ionad traenála agus oideachais, naíonra agus seirbhís bhus do phobal an oileáin. Bhí baint lárnach ag an Chomharchumann san fheachtas stocaireachta agus pleanála a bhain le forbairt Chalaphoirt Chill Rónáin ar an oileán atá idir lámha faoi láthair.

I dtuairim na moltóirí is sampla eiseamláireach forbartha pobail é Comharchumann Forbartha Árann Teo. – ó thaobh bainistíochta, feidhmiú an Choiste, bainistiú airgid, cinnireachta pobail agus an réimse leathan tograí sóisialta, eacnamaíochta agus teanga atá idir lámh acu ar son a bpobail oileánda.

An dara háit – Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo, Baile an Fhirtéaraigh, Co. Chiarraí

Tá réimse leathan de ghníomhaíochtaí agus de sheirbhísí atá dírithe ar an bpobal agus forbairt cúrsaí teanga idir lámha ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. Réachtálann an Comharchumann, tríd a fho-chomhlachtaí, cúrsaí Gaeilge Samhraidh ar a bhfreastalaíonn 2,500 scólaire, Éigse Chorca Dhuibhne, cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta agus cúrsaí Gaeilge speisialta do muinteoirí bunscoile agus meánscoile, Músaem Chorca Dhuibhne agus togra léiriúcháin teilífíse. Le cúpla bliain anuas tá an Comharchumann, i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh agus le hÚdarás na Gaeltachta agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag obair ar phlean forbartha d’ionad buan ollscolaíochta don Acadamh i gceartlár Bhaile an Fhirtéaraigh.

Thug na moltóirí suntas don tionchar mór atá ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ar chaomhnú agus treisiú na Gaeilge i gCorca Dhuibhne. Tá líon mór tionscadal teangabhunaithe idir lámha ag an gComharchumann ar a n-áirítear Coláistí Chorca Dhuibhne (among the most progressive Irish language colleges in the Gaeltacht), Musaem / Iarsmalann Chorca Dhuibhne, comhlacht léiriúcháin teilifíse, Dovinia Teo, gnó foilsitheoireachta agus tionscnamh pleanála teanga.

An tríú háit – Comhar Chaomhán Teo, Inis Oírr, Co. na Gaillimhe

Tá Comhar Chaomhán Teo. ag feidhmiú ar Inis Oírr le 37 bliain. Bunaíodh an Comharchumann ar dtús le bunseirbhísí riachtanacha ar nós leictreachais agus uisce a chur ar fáil ach tá réimse leathan tograí sóisialta agus pobail idir lámha aige anois. Tá ról lárnach ag Comhar Chaomhán Teo. i gcur chun cinn agus bainistiú áiseanna turasóireachta ar an oileán agus déanann sé an t-ionad campála, na leithris phoiblí, tithe saoire, an t-aerstráice, páirc pheile agus bróisiúir eolais turasóireachta a bhainistiú agus a chur ar fáil. Cuireann Comhar Chaomhán seirbhísí ar fáil don phobal ar nós stór trádála, seirbhís bhreosla agus athchúrsála agus déanann sé togra fáis agus stórála gliomaigh, Ionad Seirbhísí Teanga agus seirbhís mionbhus a bhainistiú ar mhaithe le pobal an oileáin.

D’aithin na moltóirí an ról lárnach atá ag Comhar Caomhán Teo. i saol phobail Inis Oírr. Tá an Comharchumann mar ancaire fostaíochta ann agus tá líon mór de bhunseirbhísí an oileáin ag brath air. Tá ról láidir stocaireachta ag an gcomharchumann ag plé leis na ranna stáit éagsúla agus tá tionscnaimh thábhachtacha turasóireachta idir lámha aige.