Cúrsa Oiliúna Nua san Uath-Thástáil Bogearraí seolta ag BO&O Dhún na nGall in gteic @ Gaoth Dobhair

Forbartha ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna BO&O Dhún na nGall i gcomhpháirt le Pramerica

23 Bealtaine, 2019

nóiméad léite

Pramerica Server

Sheol Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall Cúrsa Oiliúna nua san Uath-Thástáil Bogearraí i nGaoth Dobhair Dé Luain, 20 Bealtaine 2019. Forbraíodh an deis nua spreagúil oiliúna seo i gcomhpháirt le Pramerica agus Údarás na Gaeltachta. Tá an cúrsa á thabhairt sa mhol nuálaíochta agus digiteach gteic@GaothDobhair, ceann den líonra tríocha mol atá le forbairt i suímh ar fud cheantair Ghaeltachta na hÉireann ag Údarás na Gaeltachta.

Ag oscailt na himeachta, dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, “Tá lúcháir ar Údarás na Gaeltachta an deis a bheith aige obair a dhéanamh i bpáirt lenár gcomhghleacaithe in BO&O Dhún na nGall agus lenár gcliantchomhlacht Pramerica. Tá an nuálaíocht lárnach inár bplean straitéiseach 3 bliana agus trí thacú le seachadadh an tsoláthair oiliúna seo, tá comhoibriú nua nuálaíochta forbartha againn le lucht tionscail agus tá muid ag súil leis go mbeidh toradh suntasach air do rannpháirtithe an chúrsa agus don phobal Gaeltachta seo. Tá an cineál seo comhoibrithe ríthábhachtach d’fhorbairt an réigiúin agus tá muid ag súil le bheith ag obair i dteannta a chéile ar thionscadail den chineál seo amach anseo.”

Donegal ETB launch new Traineeship in Automated SoftwareTesting

Forbraíodh an cúrsa oiliúna gairme beatha seo i gcomhpháirtíocht dhlúth le Pramerica anseo i nDún na nGall.

David Roche, Pramerica

Agus é ag labhairt faoi fhorbairt an chúrsa, dúirt Stiúrthóir Sheirbhísí Theicneolaíocht an Airgeadais & Ceannasaí Freagrachta Sóisialta Corparáidí Pramerica, David Roche, “Forbraíodh an cúrsa oiliúna gairme beatha seo i gcomhpháirtíocht dhlúth le Pramerica anseo i nDún na nGall. Ligfidh sé d’fhoghlaimeoirí leanúint ar aghaidh go díreach chuig post san earnáil bogearraí. Mar gheall ar sholúbthacht BO&O Dhún na nGall i bhforbairt agus i seachadadh an chúrsa, tá áthas orainn gur féidir cúrsaí mar seo a chur ar fáil i ngach áit sa Chontae.”

Agus í ag labhairt ag an seoladh, dúirt Cróna Gallagher, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna BO&O Dhún na nGall,“Tá áthas orainn an fhorbairt nua oiliúna seo a sheoladh inniu i nGaoth Dobhair. D’oibrigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna BO&O Dhún na nGall go dlúth le Pramerica leis an chúrsa oiliúna nua seo a fhorbairt i gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta. Sampla iontach atá ann den dóigh a bhfuil ár Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna ag obair le lucht tionscail sa Chontae chun freastal ar a riachtanais oiliúna agus dá réir cuidiú le riachtanais fostaíochta a chomhlíonadh.”

Clúdaíonn an cúrsa oiliúna réimse modúl atá ábhartha don tionscal, lena n-áirítear bunús fhorbairt feidhmchlár HTML5, bunús na forbartha bogearraí, riarachán bunachar, ríomhchlárúhán le C#, bunús na tástála bogearraí agus ríomhchlárúchán le Java. Cuid lárnach den chúrsa oiliúna is ea an taithí oibre agus tá tríocha faoin gcéad den oiliúint ag dul ar an taithí oibre phraiticiúil sa tionscal.

Tá an cúrsa oiliúna á chómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) mar chuid den chlár CSE don In-Fhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014–2020.