Cúrsa i dTeicneolaíocht Feistí Leighis ag tosú i gConamara i mí Mheán Fómhair

16 Lúnasa, 2013

nóiméad léite

Tá cúrsa i dTeicneolaíocht Feistí Leighis á eagrú ag Scoil Eolaíochta, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo i gConamara i mí Mheán Fómhair.

Tá an Teastas san Eolaíocht i dTeicneolaíocht Feistí Leighis maoinithe i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, an Údarás um Ard-Oideachas agus á rith tríd Springboard.

Is í aidhm an chúrsa ná na bun-scileanna atá riachtanach chun feidhmiú mar oibreoir san earnáil feistí leighis, a sholáthar do na rannpháirtithe. Beidh léachtaí ar siúl ar feadh 13 seachtaine agus ina dhiaidh sin beidh tréimhse taithí oibre 3 – 9 mí á shocrú i gcomhlacht feistí leighis Gaeltachta nó tionscadal tionsclaíoch bunaithe i saotharlanna Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

Níl ionad an chúrsa deimhnithe go fóill agus braithfidh an t-ionad ar líon na n-iarrthóirí ó Chonamara.

Dúirt Stiofán Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Tá an-áthas orainn bheith ag obair le hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo agus ár gcliantchomhlachtaí san earnáil feistí leighis i gConamara leis an gcúrsa seo a reáchtáil i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd atá dífhostaithe faoi láthair agus tá ríméad orainn a bheith ag obair lenár gcliantchomhlachtaí lena chinntiú go bhfaigh siad siúd atá dífhostaithe na cáilíochtaí agus an oiliúint a thabharfaidh na deiseanna is fearr dóibh agus iad ag lorg oibre.”

Dúirt Peter Butler, Comhordaitheoir Foghlama ar Feadh an tSaoil in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, “D’éirigh go maith leis an chúrsa seo anuraidh nuair a bhí sé ar siúl ar champas Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo i nGaillimh. Fuair go leor de na rannpháirtithe socrúcháin lánaimseartha, rud a chruthaigh deiseanna fostaíochta.”

Tá cúig chomhlacht feistí leighis i nGaeltacht na Gaillimhe san am i láthair agus bíonn siad ag earcú ar bhonn rialta. Bíonn an tÚdarás ag obair go leanúnach leis na heagrais chuí lena chinntiú go bhfaigh siad siúd atá ag lorg fostaíochta i nGaeltacht na Gaillimhe deis cur lena gcuid scileanna agus lena n-oideachas.