Cúrsa FETAC ‘Cúram sa Bhaile’ á reáchtáil ar an Cheathrú Rua

12 Nollaig, 2012

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis An Rannóg Cúramóirí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar agus Cumann na gCúramóirí ag eagrú oíche eolais agus clárúcháin le haghaidh cúrsa oiliúna ‘Cúram sa Bhaile’ FETAC Leibhéal 5 a bheidh ar siúl ar an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe i mí Eanáir.

Bheadh an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine nó cúramóirí ar mhaith leo cáilíocht aitheanta a bhaint amach.

Beidh an oíche eolais ar siúl in Áras Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Dé Máirt, 18 Nollaig ag 7.i.n.

Má tá suim agat freastail ar an oíche eolais is gá do shuim a léiriú roimh 14 Nollaig 2012 trí glaoch ar Aisling Ní Dhochartaigh, Údarás na Gaeltachta, 091-503186.