Cúig Ceanneagraíocht roghnaithe le dul i mbun pleananna teanga i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus na Mí

26 Bealtaine, 2016

nóiméad léite

Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta inniu go bhfuil cúig ceanneagraíocht eile roghnaithe le tabhairt faoi phleananna teanga a réiteach do na Limistéir Pleanála Teanga (LPT) atá faoina gcúram. Sin iad,

  •  Comhar Caomhán Teo
    LPT – Oileáin Árann
  • Gaeilge Iorrais
    LPT – Maigh Eo Thuaidh (Ceantar Iorrais)
  • Comharchumann Ráth Cairn Teo
    LPT – Ráth Chairn agus Baile Ghib
  • Céim Aniar Teo
    LPT – Tuaisceart Dhún na nGall (ceantar Fhánada agus Gleann Bhairr, Ros Goill, An Tearmann)
  • Comharchumann Thoraí Teo
    LPT – Toraigh

Tá tréimhse suas go dhá bhliain ag na ceanneagraíochtaí sin le plean teanga a réiteach dá LPT. Ceadaíodh soláthar maoinithe de idir €20,000 agus €40,000 do na ceanneagraíochtaí le tacú leo tabhairt faoi chostais ullmhúcháin na bpleananna.
Fágann sé seo go bhfuil 18 Ceanneagraíocht anois ag comhoibriú leis an Údarás agus le grúpaí ina bpobal le plean teanga a réiteach.
Táthar ag súil go beidh fógraí á ndéanamh i dtaca le Limistéir Pleanála Teanga eile go luath agus beidh an tÚdarás ag lorg iarratais ó eagraíochtaí ar suim leo tabhairt faoi phleananna teanga sna LPT sin.