Cuairt an Aire Uí Chuív ar chomhlachtaí Gaeltachta

19 Deireadh Fómhair, 2007

nóiméad léite

Tabharfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív cuairt eolais ar roinnt comhlachtaí Gaeltachta ar an Spidéal inniu (19/10/07).

Beidh cuairt á thabhairt ag an Aire i gcuideachta Phádraig Uí Aoláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis agus Feidhmeannaigh eile an Údaráis ar na comhlachtaí Microclean Teo, Cambus Teo, Sidheán Teo agus Meiticheol Teo i mBaile an tSagairt agus ar Proxy Biomedical Ltd i Baile an tSléibhe.

Leanfar ar an chuairt eolais i gCasla nuair a thabharfaidh an tAire Ó Cuív cuairt ar shiopa nua Nioclás Ó Conchubhair ansin.