Cruinniú deireanach de Bhord reatha Údarás na Gaeltachta

20 Meán Fómhair, 2012

nóiméad léite

Tionóladh an cruinniú deireanach de Bhord reatha Údarás na Gaeltachta sna Forbacha, Co. na Gaillimhe inniu (20 Meán Fómhair).

I measc na dtograí a pléadh:

  • ceadaíodh €100,000 do Mhuintearas Teo le tacú leis an eagraíocht a chlár oibre a chur i bhfeidhm go deireadh na bliana;
  • aontaíodh go ndíolfadh an tÚdarás foirgneamh dá chuid, Monarcha 3A ar Eastát Tionsclaíoch na Ceathrún Rua, le Comharchumann Mhic Dara Teo chun cur ar chumas an Chomharchumainn togra forbartha pobail a fhorbairt ar an gCeathrú Rua;
  • tugadh suntas do thograí a ceadaíodh faoin scéim náisiúnta Ciste Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta do chomhlachtaí i nGaeltacht Dhún na nGall ina bhfuil iomlán deontas gar do €700,000 ceadaithe dóibh le tabhairt faoi fhorbairtí úra atá beartaithe acu. Tá an scéim seo á riaradh sa Ghaeltacht ag an Údarás i gcomhar le Fiontraíocht Éireann.

Pléadh an cheist maidir le cur i bhfeidhm Chlár Leader sa Ghaeltacht agus léirigh an Bord a imní faoin mhoill atá le socruithe a dhéanamh leanúint le caiteachas agus riaracháin an chláir sa Ghaeltacht.

Ghabh Cathaoirleach agus baill an Bhoird buíochas le bainistíocht, foireann agus iar-bhaill foirne an Údaráis as ucht a ndíograise agus a gcomhoibriú agus iad ag cur clár oibre na heagraíochtaí i bhfeidhm.

Cé gur léirigh an Bord a dhíomá go bhfuil deireadh anois le toghcháin le baill a roghnú do Bhord an Údaráis as seo amach, ghuigh siad gach rath ar an Bhord nua a bheidh á ainmniú ag Aire na Gaeltachta i mí Dheireadh Fómhair.