Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha, Co. na Gaillimhe

21 Samhain, 2008

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta inniu pléadh na himpleachtaí d’fheidhmiú na heagraíochta a bhaineann leis an gciorrú trom a rinneadh sa Cháinaisnéis ar bhuiséad reatha an Údaráis. Chuir an Príomhfheidhmeannach in iúl don Bhord go raibh impleachtaí tromchúiseacha don Údarás ag baint leis an soláthar airgid reatha atá curtha ar fáil don eagraíocht do 2009 mar go léiríonn sé easpa tuisceana ar bhunriachtanais na heagraíochta má tá sí le freastal cóir a dhéanamh ar a chlár gníomhaíochta eacnamaíochta, sóisialta agus teanga sa Ghaeltacht. Dúirt sé gur léir nár aithníodh go raibh laghdú suntasach déanta ar chostais riaracháin an Údaráis le roinnt bhlianta anuas – laghdú ar líon agus costais foirne ach go háirithe – agus nach raibh aon díscréid caiteachais ag an Údarás maidir le breis agus 80% dá bhuiséad.

Cé go nglacann an tÚdarás leis go bhfuil gá le ciorruithe ar chaiteachas ar mhaithe leis an leas náisiúnta sé tuairim mheáite an Bhoird nár léir do na Ranna Stáit ábharthacha gurb é an toradh a bheadh ar an gciorrú trom atá déanta ar bhuiséad reatha an Údaráis ná srian docht a chur ar chumas feidhmiúcháin na heagraíochta agus ar a chumas chun a spriocanna fostaíochta a bhaint amach. D’fhág an Bord faoin bhPríomhfheidhmeannach agus faoin gCathaoirleach an cás a phlé athuair leis an Aire Ó Cuív agus le feidhmeannaigh sinsearacha na Roinne d’fhonn teacht ar fhoirmle réitigh.