Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha

27 Feabhra, 2006

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha ar an Aoine 24 Feabhra

  • aontaíodh tús a chur le clár gníomhaíochtaí dírithe ar fhuinneamh inbhuanaithe agus inathnuaite a chur chun cinn sa Ghaeltacht. I measc na dtograí a dtabharfar fúthu tá forbairt cheithre thogra eiseamláireachta forbartha ábhar fuinnimh i gcomhair le comharchumainn agus grúpaí pobalbhunaithe chomh maith le tionscadail dea-chleachtais fuinnimh a fhorbairt ar eastáit thionsclaíocha de chuid an Údaráis.
  • ceadaíodh pacáiste cúnaimh do Mhuintearas na nOileán lena chlár tacaíochta agus taighde oideachais agus oiliúna a reachtáil don bhliain 2006.
  • ceadaíodh cuidiú do Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall Teo. le forbairt a dhéanamh ar charrchlós agus le cúrsaí oiliúna riachtanacha a chur ar fáil d’fhoireann an Aerfoirt.
  • cuireadh in iúl don bhord go bhfuil na scaireanna a bhí ag ISP Global Technologies Inc. in Arramara ceannaithe anois ag an Údarás agus go bhfuil socruithe á ndéanamh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta fuílleach na scaireanna, atá i seilbh na Roinne, a aistriú chuig an Údarás. D’fhágfadh sé sin gur fochuideachta faoi lánúinéireacht an Údaráis a bheadh in Arramara Teo.
  • aontaíodh polasaí nua maidir le maoin de chuid an Údaráis a chur ar fáil do chuspóirí neamhthráchtála sóisialta agus pobail. Baineann an polasaí seo le tionscadail ar nós ionaid chúraim leanaí, ionaid chúraim d’aosaigh, ionais oideachais, ionaid spóirt faoi dhíon agus ionaid sláinte agus le heagraíochtaí fhorbartha áitiúla. Tá an scéim seo ag freagairt do na riachtanais atá ag tionscadail sna réimsí forbartha pobail agus an gheilleagair sóisialta le blianta beaga anuas agus an tábhacht a bhaineann lena leithéid de thionscadail chun iomlání a dhéanamh ar do shaol phobal na Gaeltachta.
  • aontaíodh Eastát Bhaile Uí Chonaill ar an bhFál Carrach a chur ar an mhargadh oscailte.