Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

20 Lúnasa, 2009

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair inniu ceadaíodh 115 post nua i réimsí tionscadal ar fud na Gaeltachta agus cuireadh tacaíocht ar fáil do chomhlachtaí chun cuidiú leo 387 post a chaomhnú. Tá infheistíocht iomlán de €11.2 milliún i gceist sna tograí seo. Fógrófar tuilleadh eolais maidir leis na tograí seo in am trátha.