Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nDún Chaoin, Co. Chiarraí

29 Meitheamh, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nDún Chaoin, Co. Chiarraí inné (Déardaoin 28 Meitheamh 2007). Ag an chruinniú sin ceadaíodh na tograí seo a leanas:

Óstán Árann, Árainn, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta do Inis Mór Partnership le cuidiú leis na príomhaithe cóiríocht bhreise agus ionad scíthe a fhorbairt ag Óstán Árann i gCill Rónáin, Árainn, Co. na Gaillimhe

Fuinseog Teo., Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh tacaíocht don chomhlacht Fuinseog Teo. le tacú leo dul i mbun plean margaíochta straitéiseach a bhfuil sé mar chuspóir leis bonn gnó an chomhlachta a threisiú.

Sigma Teo., Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta don chomhlacht Sigma Teo. le cuidiú leis an chomhlacht táirgí nua a fhorbairt agus ionad saineolais a bhunú.

Teach Altranais an Spidéil, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh deontas caipitil do Aidan agus Henrietta Mc Grath le teach altranais nua a thógáil ar an Spidéal agus an sean fhoirgneamh atá ansin a leagan.

Arramara Teo, Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh deontais caipitil agus taighde agus forbartha don chomhlacht Arramara Teo le saineolas faoi tháirgí breise a chur ar fáil don chomhlacht a aimsiú agus innealra nua a cheannach a chuirfidh leis an éifeachtúlacht táirgeachta.

Cniotáil Inis Meáin Teo
Ceadaíodh cúnamh margaíochta do Cniotáil Inis Meáin Teo chun tacú leo díriú ar mhargaí nua.

Lampaí an Daingin Teo., An Daingean, Co. Chiarraí
Ceadaíodh deontas oiliúna do Lampaí an Daingin Teo. le cumas iomaíochta an chomhlachta a fheabhsú agus forbairt a dhéanamh ar dhea-chleachtais gnó.

Aonad Uimhir 1 C, Baile na Finne, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh soláthar caipitil de €195,000 le hAonad Uimhir 1 C i mBaile na Finne a athchóiriú in oiriúint do thionscadal úr atá le lonnú ann go luath.

Monarcha 24, Páirc Gnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh soláthar caipitil de €960,000 le Monarcha 24 (Iar RMT) a athchóiriú agus a chur in oiriúint do thograí nua.

Bóthar Ceangail, Mín an Iolair, Co. Dhún na nGall
Aontaíodh síntiús de €6,100 a chur ar fáil do Chomhairle Chontae Dhún na nGall le tacú leo uasghrádú a dhéanamh ar an bhóthar ceangail idir Mín an Iolair agus Carraig an tSeascain faoin scéim “Feabhsú Áitiúil”. Bíonn an bóthar seo á úsáid ag roinnt daoine agus iad ar a mbealach go Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Ionad Ilfheidhmeach Forbartha Gnó
Ceadaíodh soláthar €1.76 milliún chun Ionad Ilfheidhmeach Forbartha Gnó a thógáil ar an Eastát Tionscail i gCarna. Tá cead pleanála ar fáil cheana féin chun cóiríocht oifige a thógáil ar an láthair seo. Beidh seacht n-aonad éagsúil chomh maith le seirbhísí lárnacha san áireamh sa bhfoirgneamh seo atá le tógáil

Eastát Charna, Carna, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh soláthar caipitil de €417,600 chun bóthar agus suíomh a réiteach d’fhorbairt naíolainne ag Eastát Tionscail an Údaráis i gCarna.