Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, Gúgán Barra, Contae Chorcaí

3 Iúil, 2006

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta a tionóladh in Óstán Ghúgán Barra, Gúgán Barra, Contae Chorcaí ar an Aoine, 30 Meitheamh 2006:

  • Aontaíodh go ndéanfaí coimisiúnú ar thuarascáil chun eolas cothrom le dáta a fháil maidir le staid an bhonneagair leathanbhanda sa Ghaeltacht. Mar chuid den staidéar déanfar scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le soláthar leathanbhanda le cúpla bliain anuas, déanfar meastóireacht ar an éileamh atá ar leathanbhanda sa Ghaeltacht, na forbairtí teicneolaíochta nua atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas, agus ar na riachtanais ó thaobh infreastruchtúr agus maoiniú, ionas gur féidir córas leathanbhanda a bheith ar fáil ar fud na Gaeltachta. Tá sé mar sprioc ag Údarás na Gaeltachta soláthar 100% leathanbhanda a bhaint amach ar fud na Gaeltachta. Déanfar scrúdú ar leith maidir le soláthar leathanbhanda chuig na hoileáin agus na modhanna barrmhaitheasa a oireann d’oileáin ar leith.
  • Socraíodh go ndéanfadh an tÚdarás Comhdháil Pleanála Teanga a thionól de bharr an phlé atá ar siúl faoi láthair faoin nGaeilge sa chóras pleanála agus le hiarracht a dhéanamh a theacht ar réiteach a bheadh tairbheach agus cosantach don Ghaeilge.