Cruinniú de Bhord an Údaráis in Acaill

15 Iúil, 2016

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord an Údaráis in Acaill inniu (15 Iúil) cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh 28 bpost nua á gcruthú iontu nuair atá na tograí sin faoi lán seoil.

Lena chois sin, cheadaigh an Bord:

  • Deontas €5,000 do Choiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna, Co. na Gaillimhe le cuidiú leis an gcoiste tabhairt faoi oibreacha riachtanacha le seirbhísí éagsúla a thabhairt ón phríomhbhóthar chomh fada leis an suíomh tógála. Cuirfidh sé seo ar chumas an choiste roinnt costais forbartha breise a thit orthu a chlúdach.
  • Soláthar caipitil €12,000 le cuid den spás atá ag an Údarás i bhfoirgneamh dá chuid i nGob an Choire, Acaill a athchóiriú mar Ghorlann Ghnó agus spás a chur ar fáil do fiontraithe leis na chéad chéimeanna a ghlacadh le gnó a bhunú agus a fhorbairt.
  • Deontas staidéar féidireachta de os cionn €11,000 do Lárionad Acmhainní Nádúrtha Teo ag Na Tithe Gloine i gCill Ulta, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall le staidéar a dhéanamh ar dheiseanna gnó úra dírithe ar athbheochan a dhéanamh ar thogra na dtithe gloine ansin.
  • Deontas de €24,000 do Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo le cuidiú leis an chomhlacht forbartha pobail táirgí turasóireachta chultúrtha agus oidhreachta a thabhairt chuig an margadh do séasúr turasóireachta 2017 agus 2018.
  • Soláthar caipitil €80,000 le cóiriú a dhéanamh ar aonad de chuid an Údaráis in Ionad Fiontraíochta Ros Muc chun é a chur in oiriúint le spás nua a chur ar fáil do naíonra Ros Muc. Tá Naíonra Ros Muc ag freastal ar pháistí ó Mhuiceanach, Cinn Mhara, Camus, Ros Muc, Doire Iorrais agus Loch Con Aortha.
  • Deontas €4,565 do Chomharchumann Forbartha Chill tSéadhna Teo le áiseanna drámaíochta agus spraoi a fhorbairt i bparóiste Chill tSéadhna i nGaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo.
  • Deontas do Chomhaltas Chosanta Chúil Aodha le tacú leo forbairt a dhéanamh ar thogra turasóireacht chultúrtha a dhéanfaidh comóradh ar oidhreacht an cheoil, na hamhránaíochta agus na scríbhneoireachta agus Gairdín Cuimhneacháin a thógáil.

Déanann Údarás na Gaeltachta comhghairdeas le coiste Gaillimh 2020 agus an cinneadh go mbeidh Gaillimh mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Tá Údarás ag súil le bheith ag comhoibriú leo sna blianta amach romhainn agus socruithe á dhéanamh do 2020.