Cruinniú de Bhord an Údaráis ag Oireachtas na Gaeilge

14 Samhain, 2014

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord an Údaráis i gCill Áirne inniu (31 Deireadh Fómhair) ceadaíodh líon tograí ar fud na Gaeltachta ina mbeidh 66 post nua beartaithe nuair a bheidh na tograí sin faoi lán seoil.

D’aontaigh an Bord aonad de chuid an Údaráis ar Eastát Tionscail na Ceathrún Rua a ligean ar léas le Comhairle Chontae na Gaillimhe le stáisiún dóiteáin a fhorbairt ann. Tá iarratais déanta le roinnt blianta ag pobal Chonamara Theas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe seirbhís dóiteáin a lonnú sa cheantar. Beidh roinnt obair athfhorbartha á dhéanamh ag an Chomhairle Contae leis an aonad a chuir in oiriúint mar stáisiún dóiteáin.

Pléadh an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an phróiseas pleanála teanga agus na céimeanna atá idir lámha ag an Údarás ceanneagraíochtaí a roghnú le tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú sna Limistéir Pleanála Teanga. Thagair an Bord don tábhacht atá le comhoibriú láidir a bheith idir an córas stáit agus an pobal i dtaca lena róil i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta 2012. D’aontaigh an Bord go braithfidh rath agus dul chun cinn an phróisis sa Ghaeltacht ar chaidreamh gníomhach an Stáit i dtacaíocht le hiarrachtaí na bpobal Ghaeltachta.

Chuir Cathaoirleach agus baill an Bhoird a mbuíochas in iúl do na comhaltaí Mícheál Ó Scanaill agus Cathal Seoighe a bhfuil a dtréimhse reatha ar Bhord an Údaráis ag críochnú ar an 19 Samhain. Tá 27 bliain caite ag Micheál Ó Scanaill ar Bhord an Údaráis agus 15 bliain caite ag an chomhalta Cathal Seoighe. Moladh an bheirt chomhaltaí as ucht a ndíograis agus an obair atá déanta acu leis na blianta anuas ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.