Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta

31 Deireadh Fómhair, 2010

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i gCill Airne Dé hAoine seo caite (29 Deireadh Fómhair) ceadaíodh 80 post nua i dtograí a bheidh lonnaithe ar fud na Gaeltachta ina raibh maoiniú iomlán de timpeall trí cheathrú milliún Euro i gceist. Ina measc:

Áislann Ghaoth Dobhair, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh pacáiste maoinithe le tús a chur le forbairt Ionad Nuálaíochta/Gorlainne Ghnó in Áislann Ghaoth Dobhair. Beidh an tIonad Nuálaíochta lonnaithe ar an chéad urlár san Áislann, áit in mbeidh rogha spás oibre idir aonaid ghnó agus aonaid gorlainne, fáiltiú, oifig riaracháin, seomraí cruinnithe agus áiseanna riachtanacha eile á fhorbairt agus á sholáthar do réimse cliant. Meastar go ndéanfar forbairt ar dheich ngnó bheaga san Ionad Nuálaíochta thar tréimhse 3 bliana agus go gcruthófar 45 post dá bharr. Mar chuid den phlean bunófar struchtúr leis an tIonad Nuálaíochta a fhorbairt agus a bhainistiú agus tá tairiscintí oscailte á lorg san am i láthair chun comhlacht nó eagraíocht a cheapadh le dul i mbun na hoibre seo.

Comhairle Paróiste Ghleann Cholmcille Teo, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh spás oibre a chur ar fáil do Chomhairle Paróiste Ghleann Cholmcille Teo sa Mharglann (An Mart) i nGleann Cholm Cille le cuidiú leo na féidearthachtaí a fhiosrú agus pleananna a fhorbairt le hionad sóisialta agus cultúrtha a bhunú sa cheantar.

Áislann Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh deontas taighde agus forbartha €13,725 do Áislann Rann na Feirste Teo le tacú leis an chomhlacht plean forbartha margaíochta agus bainistíochta agus clár oiliúna a fhorbairt.

Ionad Fiontar Pobail Iar-Dheisceart Dhún na nGall Teo, Co. Dhún na nGall.
Ceadaíodh deontas taighde agus forbartha €13,950 d’Ionad Pobail Iar-Dheisceart Dhún na nGall Teo le tacú leis an chomhlacht plean margaíochta, gnó agus bainistíochta a fhorbairt do An Fiontarlann i gCill Chartha chun an léas is fearr a bhaint as na háiseanna agus le tionóntaí gnó a mhealladh.