Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta in Ard Oifig an Údaráis sna Forbacha

23 Meitheamh, 2017

nóiméad léite

Tograí
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta in Ard Oifig an Údaráis sna Forbacha inniu (23/06/17) cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh 36 post nua á gcruthú iontu agus infheistíocht os cionn €1.8M ag baint leo nuair atá na tograí sin faoi lán tseoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo, Chiarraí, agus Dún na nGall a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu.

Seirbhísí Luathoideachais sna Dúnaibh agus ar an bhFál Carrach
Thug Bord Údarás na Gaeltachta a mbeannacht inniu do shocraithe léasála agus cíosa do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta a chinnteoidh go mbeidh spás ag Naíonra na nDúnaibh agus Naíonra an Fháil Charraigh le feidhmiú ar feadh tréimhse trí bliana. Ceadaíodh socraithe bliana chomh maith do spás oifige in Áislann Ghaoth Dobhair d’fheidhmeannach forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta i dTír Chonaill a thacóidh leis an eagraíocht a gclár oibre a chuir i bhfeidhm sa gContae. Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta seirbhís chúram páistí mar aon le seirbhís oideachais luath-óige ar fáil trí Ghaeilge do pháistí óga. Tá oifigeach forbartha lánaimseartha, 42 stiúrthóir agus 5 chuntóir, do pháistí le riachtanais speisialta, fostaithe sna naíonraí i nGaeltacht Dhún na nGall. Cuireann Údarás na Gaeltachta deontas reáchtála ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta go bliantúil.

Tacaíocht ceadaithe do thaighde turasóireachta i Maigh Eo agus i gCiarraí
Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta tacaíocht inniu do staidéir turasóireachta san Eachléim i Maigh Eo agus i gCorca Dhuibhne agus in Uíbh Ráthach i gCiarraí i gcomhair le heagraíochtaí forbartha pobail sna Contaetha sin. Tabharfaidh Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile ar an Eachléim i gContae Mhaigh Eo agus Coiste Bealach Glas Daingean Uí Chúis – An Clochán i gCiarraí faoi staidéir ar thograí forbartha turasóireachta ina gceantair i mbliana. Cabhróidh tacaíocht an Údaráis le tús a chuir le feidhmiú straitéis turasóireacht in Uíbh Ráthach chomh maith.

Togra Turasóireachta ar an Eachléim
Cinnfidh staidéar na hEachléime an leanfar le togra turasóireachta píolótach a fhorbrófar san Ionad Fiontraíochta ar an Eachléim i rith shéasúr 2017. Féachfaidh an staidéar ar na féidearthachtaí a bhaineann le hionad turasóireachta cultúir agus mara a fhorbairt ar an Eachléim. Déanfar comhairle agus taighde a lorg, ábhar bolscaireachta a fhorbairt agus ábhair spéise a fhorbairt agus a bhailiú.

Taighde ar fhorbairt chosáin agus rianta rothair ó Dhaingean Uí Chúis go dtí An Clochán
Tá an tacaíocht atá dhá cheadú do Choiste Bealach Glas Dhaingean Uí Chúis – An Clochán chun taighde a dhéanamh ar na deiseanna atá ann forbairt a dhéanamh ar chosáin agus rianta rothair sa gceantar. Cuireadh riar taighde i gcrích ar an togra seo le roinnt blianta anuas agus táthar ag súil féachaint le taighde innealtóireachta ar bhealaí éagsúla a chuir i gcrích.

Forbairt Eispéireas Turasóireachta Uíbh Ráthaigh
Tá maoiniú ceadaithe chomh maith do Ghréasán Turasóireacht Cósta na Sceilge chun cabhrú le tús a chur le clár gníomhaíochtaí a fhorbairt mar atá leagtha síos i bPlean Turasóireachta Cósta na Sceilge trí dheontas comhairleoireachta a chuir ar fáil. Tá ionadaíocht ó pháirtithe leasmhara éagsúil ar an nGréasán Turasóireachta ó Údarás na Gaeltachta, Fáilte Éireann, Comhairle Chontae Chiarraí, OPW, Oifig Fiontair Áitiúil, IT Thrá Lí, Páirtnéireacht Forb. Chiarraí Theas agus coistí pobail, turasóireachta agus Comharchumainn i gCiarraí Theas. Comhmhaoiniú le Comhairle Chontae Chiarraí a bheidh i gceist leis an tacaíocht seo agus tá sé beartaithe comhordnóir nó comhairleoir turasóireachta a fhostú le plean turasóireachta Chósta na Sceilge a chuir i bhfeidhm. Is í príomhfheidhm atá leis an bplean ná ceannscríbe turasóireachta a dhéanamh do Chiarraí Theas / Gaeltacht Uíbh Ráthach.
Tá na tacaíochtaí seo ceadaithe i dtaca le feidhmiú Dréachtphlean Forbartha Turasóireachta Údarás na Gaeltachta a cheadaigh an bord roinnt seachtainí ó shin.

RehabCare i gCasla le os cionn 30 bliain
Tugadh eolas do chruinniú boird Údarás na Gaeltachta inniu, in ainneoin athraithe suntasacha a bheith tagtha ar a ngníomhaíochtaí, go bhfuil 30 bliain slánaithe ag Institiúid Náisiúnta Traenála agus Forbartha (RehabCare) i gCasla i gCo na Gaillimhe i mbliana. Mar thoradh ar athnuachan ar shocraithe léasa agus cíosa ag an mBord inniu leanfaidh an eagraíocht ar aghaidh ag soláthar seirbhísí cúraim agus oiliúna i gCasla do dhaoine le riachtanais speisialta i nGaeltacht Chonamara. Is eagraíocht dheonach náisiúnta í an Institiúid Náisiúnta Traenála agus Forbartha a bunaíodh i 1949. Tá breis agus dhá scór ionad ag an institiúid ar fud na tíre. Díríonn ionad Chasla ar fhorbairt a dhéanamh ar chláir forbartha pearsanta agus forbairt scileanna sláinte agus cúraim.

Seirbhísí Eolais SICAP agus LEADER le leanacht sa Daingean                                                                                 Cinnteoidh ceadanna éagsúla atá tugtha ag Údarás na Gaeltachta ag a gcruinniú Boird sna Forbacha inniu socraithe a cheadóidh soláthar na gcláir LEADER agus SICAP do phobal Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ó bhaile an Daingin go dtí 2021.
Tá an comhlacht forbartha áitiúil NEWKD i mbun riaradh ar chláracha pobail agus cláracha Eorpacha le blianta anuas. Tháinig siad i gcomharbacht ar MFG Teoranta chun an clár LEADER a reáchtáil i gCorca Dhuibhne agus feidhmíonn siad an Clár SICAP chomh maith. Tá fo-oifig Dhaingean Uí Chúis ar cheann de dhá fho-oifig atá ag NEWKD taobh amuigh dá gceanncheathrú i dTrá Lí. Is ar Pháirc Ghnó an Chúilín i nDaingean Uí Chúis a leanfar leis na seirbhísí tábhachtacha seo do Ghaeltacht Chorca Dhuibhne.

€387,821 le hinfheistiú i Scéimeanna Fuinnimh Inathnuaite i 21 láthair Gaeltachta
Thug Bord Údarás na Gaeltachta a mbeannacht inniu do Scéim Fuinnimh Inathnuaite a bhfuil luach iomlán de €387,821 ag baint leis agus a mbeidh oibreacha ar 27 togra éifeachtúlacht fuinnimh i 21 láthair i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí agus Mhaigh Eo mar thoradh air.

Tugadh le fios don chruinniú go raibh rath ar an iarratas a rinne an tÚdarás ar a son féin, thar cheann cliantchomhlachtaí agus pobail, ar Scéim Pobail Fuinnimh Níor Fearr an SEAI don bhliain 2017. Tá tograí suntasacha curtha i gcrích ag an Údarás i 2015 agus 2016 faoi scéimeanna BEC an SEAI agus laghdú costais de bharr sábhála fuinnimh bainte amach dá réir. Beidh deontais suas go €215,767 ceadaithe ag an SEAI do thograí nua sábhála fuinnimh i 2017. Togra comhmhaoinithe atá i gceist chun clár infheistíochta caomhnaithe fuinnimh a chur i bhfeidhm i meascán de chliantchomhlachtaí, tograí pobail, foirgintí agus eastáit tionscail an Údaráis ar fud na Gaeltachta. Beidh tuilleadh eolais maidir leis na tograí atá ceadaithe in am tráth.

Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach le forbairt sa Spidéal
Ag leanacht do straitéis moil dhigiteacha Údarás na Gaeltachta a fógraíodh i mí Márta, cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta soláthar caipitil ag a gcruinniú inniu (23/6/17) chun Ionad Nuálaíochta/ Mol Digiteach a fhorbairt ag Páirc na Meán sa Spidéal i gConamara. Tá an tIonad seo ar cheann de 15 Moil Dhigiteacha atá dhá fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta ar fhad Shlí an Atlantaigh Fhiáin chomh maith leis An Rinn agus Ráth Chairn. Lena chois sin tá obair ar siúl faoi láthair chun na féidearthachtaí a bhaineann le gréasán moil dhigiteacha a fhorbairt ar na hoileáin Ghaeltachta agus Galltachta amach ón gcósta.
Tá soláthar caipitil ceadaithe inniu chun obair dheartha agus iarratas ar chead pleanála a réiteach don Ionad Nuálaíochta in Iar Oifigí Marsh sa Spidéal áit a bhfuil sé i gceist an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar Chonnachta a bheith lonnaithe chomh maith.