Comórtas grianghrafadóireachta ‘Is álainn í an Ghaeltacht’

1 Iúil, 2013

nóiméad léite

Radharc ón mbóthar anuas go Cé Dhún Chaoin agus an ghrian ag dul faoi taobh thiar den Bhlascaod Mór
An Daingean

 

Tá Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil comórtas grianghrafadóireachta “Is álainn í an Ghaeltacht” mar chuid dá ról leis an nGaeltacht a chur chun cinn mar áit álainn le cónaí, le hoibriú, le dul ar saoire agus le gnó a dhéanamh ann.

Tá muid ag lorg grianghraif a léiríonn saol na Gaeltachta. Is féidir leis an ngrianghraf léargas a thabhairt ar radhairc, phobal, chultúr, thraidisiún, oidhreacht, spraoi, féilte/imeachtaí, úsáid teanga, nó aon rud eile a thugann léargas ar cheantar agus ar shaol na Gaeltachta.

Dáta dúnta d’iontráil don chomórtas nó 19 Lúnasa 2013 agus fógrófar gearrliosta timpeall an 26 Lúnasa 2013. Ina dhiaidh sin, iarrfar ar an bpobal vóta a chaitheamh trí ‘like’ a dhéanamh ar an ngrianghraf is fearr leo ón ghearrliosta ar Facebook.

Roghnófar an buaiteoir trí vóta an phobail chomh maith le marcanna ó phainéal de mholtóirí. Bronnfar trí dhuais ar na grianghraif is fearr, €500 don chéad áit, €250 don dara háit agus €100 don tríú háit. Fógrófar an buaiteoir ar Facebook ar idir 9 – 13 Meán Fómhair 2013.

Tá an comórtas seo oscailte don phobal. Má tá suim agat i ngrianghraif nó má tá aithne agat ar aon duine ar suim leis/léi iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas seo, téigh chuig leathanach an chomótais le tuilleadh eolais a fháil nó déan cara linn ar Facebook.