Comhlacht digiteach Netfeasa Teo chun gnó a bhunú i nDaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí agus 15 post nua a chruthú

7 Samhain, 2015

nóiméad léite

Tá gnó nua Netfeasa Teo, a bhfuil speisialtóireacht acu i mbainistiú an chéad ghlúin eile de ghréasáin Idirlíon na nEarraí (IoT), á bhunú i nGaeltacht Chiarraí i nDaingean Uí Chúis le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Beidh Netfeasa Teo ag cuir seirbhís iomláin de Idirlíon na nEarraí, líonra idirmheaisíní (M2M) agus gréasáin braiteora ar fáil.

Dúirt Aire Stát na Gaeltachta, Joe McHugh TD, “Tá áthas orm a chloisteáil gur roghnaigh Netfeasa Teo a ngnó a lonnú in nGaeltacht Chiarraí. Léiríonn seo gur féidir le fiontair bunaithe ar theicneolaíocht digiteach feidhmiú ó láithreáin faoin dtuath.”

Tá sé i gceist ag an chomhlacht 15 duine a fhostú ina oifigí sa Chúilín, i nDaingean Uí Chúis thar tréimhse 24 mí agus beifear ag earcú innealtóirí teicneolaíochta agus bogearraí, chomh maith le foireann airgeadais agus riaracháin.

Deir Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Mar thoradh ar an infheistíocht seo cruthófar fostaíocht d’ardchaighdeán do chéimithe sa cheantar. Tá cúlra agus taithí ag tionscnóirí an ghnó nua seo a bheith in iomaíocht i margaí domhanda, agus tá muid tiomanta do bheith ag obair leo sna míonna agus blianta amach romhainn agus iad ag forbairt a ngnó.”

Ar dtús tá sé i gceist ag Netfeasa díriú ar ardseirbhís nascthacht móibíleach a sholáthar ar earraí dhigiteach soghluaiste, mar shampla; turasóireacht, iompar, agus an tionsclaíocht uathghluaisneach.

Ag fógairt a bhfiontar nua ag an seachtain digiteach náisiúnta i Sciobairín, Co. Chorcaí, dúirt Cathaoirleach Netfeasa, Mike Fitzgerald: “Is suíomh iontach é Gaeltacht Chiarraí dár gcomhlacht digiteach. D’oibrigh níos mó ná céad innealtóir sa cheantar thar tréimhse 15 bliain i gcomhlachtaí éagsúla do theicneolaíocht gan sreang. Is acmhainn fíorluachmhar dúinn é seo a bhfuil muid in ann tógáil air agus muid ag dul in iomaíocht lenár gcomhpháirtithe i margadh Idirlíon na nEarraí. Cuirfidh Netfeasa punann cuimsitheach ar fáil do seirbhís bainistíochta do ghréasáin theicneolaíochtaí gan sreang, ina measc: an ghlúin nua do Rochtain Wi-Fi, prótacal idirlíon guthaithe (VoIP), Idirlíon na nEarraí, san áireamh; líonra idirmheaisíní agus bainistíocht ghréasáin braiteora.”

Deir an tUasal Fitzgerald chomh maith, “Níl gléasanna chliste cliste ach amháin nuair atá luach intomhaiste leis an t-eolas a thugann siad dúinn. Is é an chéad tionscadal atá muid ag díriú air i Netfeasa ná ag cinntiú go mbíonn an eispéireas is fearr ag turasóirí. Tá muid ag scaradh amach gléasanna cumarsáide agus braiteoirí mar cuid de thaighde allamuigh ag na príomh láithreáin turasóireachta i gCiarraí. Déanann an ghréasáin seo do Idirlíon na nEarraí láithreáin agus imeachtaí a mholadh bunaithe ar sainroghanna phearsanta na n-úsáideoirí, agus níos tábhachtaí, bunaithe ar choinníollacha fíor-ama ar féidir leo tionchar a bheith acu ar an eispéireas ar an iomlán.”

Beidh an comhlacht ag earcú innealtóirí a bhfuil taithí acu i leith gréasáin móibíleacha agus, más féidir, le taithí ag obair le soláthraí seirbhíse móibíleacha. Cuirfear tús le earcaíocht do chéimithei lár 2016.