Cómhaoiniú de €750,000 ceadaithe ag Fáilte Éireann d’fhorbairt ionad cuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc

6 Iúil, 2015

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh chómhaoiniú de €750,000 atá ceadaithe ag Fáilte Éireann chun tacú le forbairt ionad cuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc, Co na Gaillimhe. Chuaigh iarratas ó Údarás na Gaeltachta faoi bhráid Fáilte Éireann an tseachtain seo chun gnéithe áirithe den togra a mhaoiniú thar thréimhse 2015-2016 agus thóg siad an cinneadh dearfach i dtaca leis ag cruinniú Bord Fáilte Éireann inné.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, “Cuirimid fáilte roimh chinneadh Fáilte Éireann go bhfuil an togra seo ag teacht chun foirfeachta anois, léiríonn an cinneadh seo ó eagrais náisiúnta eile a ndea-thoil agus muinín i leith an togra agus forbairt na turasóireacht sa cheantar. Táimid muiníneach go mbeidh an fhorbairt curtha i gcrích le hoscailt go hoifigiúil faoi shamhradh 2016. Tá neart oibre fós le déanamh sula n-osclófar an áis nua seo ach seo céim mhór chun tosaigh is ea í.”

Tá €2 mhilliún ceadaithe ag an Rialtas don togra cheana faoi Chlár Cuimhneacháin 1916 agus tá suim €1 milliún ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta don togra. Tá an t-ionad cuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh ar cheann den ocht mórthionscadal atá á bhforbairt mar chuid d’infheistíocht caipitil de chuid an Rialtais.

Cuirtear fáilte freisin roimh an fhógra go bhfuil €300,000 geallta ag Fáilte Éireann chun ionad cuairteoirí a fhorbairt ag Teach Solais Fhánada i Co Dhún na nGall.

Críoch

Tuilleadh eolais:
An Rannóg Cumarsáide, Údarás na Gaeltachta – 091-503110 nó eolas@udaras.ie