Coiste Réigiúin Chonnacht/Laighean

2 Aibreán, 2008

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean in Áras Pobail Chill Chiaráin ar 1 Aibreán 2008. Chas an Coiste le toscaireacht ó Choiste Pobail Chill Chiaráin agus pléadh na hábhair seo leanas:

  • An fhorbairt atá beartaithe a dhéanamh ar Thalamh Churraoin (Páirc na Mara) i gCill Chiaráin.
  • Imní an Choiste maidir lena laghad deiseanna nua fostaíochta atá á chruthú sa bpobal.
  • An géar ghá atá le infheistíocht suntasach a dhéanamh san infrastruchtúr turasóireachta sa cheantar (lóistín agus áiseanna calaíochta do bháid pléisiúrtha mar shampla).

Ceadaíodh cúnamh do ocht dtogra éagsúil ag an gcruinniú. Ina measc sin tá:

  • Trí thogra ceardaíochta (péire sa Spidéal agus ceann i gCorr na Móna).
  • Comhlacht Forbartha an Spidéil Teo atá ag ullmhú pleananna chun forbairt suntasach a dhéanamh ar Leabharlann an Spidéil i gcomhar le Comhairle Chontae agus eagraíochtaí eile.

Tionólfar an chéad chruinniú eile den Choiste Réigiúnach i mBaile Ghib, Co. na Mí ar 29 Aibreán 2008.