Clár píolótach ETIM ‘An Chruinne’ do Bhunscoileanna Gaeltachta dhá thionscnú ag Údarás na Gaeltachta

18 Eanáir, 2018

nóiméad léite

Beidh 16 bunscoil Gaeltachta ag tabhairt faoi chlár speisialta teagaisc Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaice de bharr clár píolótach nua ‘An Chruinne’ de chuid Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland.

Le linn na scoilbhliana 2017/2018 tá sé beartaithe ag Údarás na Gaeltachta oibriú as lámh a chéile le Junior Achievement Ireland chun an clár píolótach ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Matamatic) ‘An Chruinne’ a reáchtáil i 16 scoil náisiúnta i nGaeltachtaí Chiarraí, Chorcaí, na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall.

Tá chúig modúil sa gclár a mhúintear in ard ranganna na bunscoile a bhaineann le hábhair na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamatice agus tá sé tábhachtach go mbeadh clár den chineál seo á riaradh trí mheán na Gaeilge sna bunscoileanna Gaeltachta.

Ag tagairt don dtogra píolóiteach dúirt an Príomh Aoire agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, TD, “Molaim Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland as ucht an togra nuálaíoch seo a thionscnamh. Tá sé tábhachtach go dtabharfadh muid an spreagadh agus na scileanna d’aos óg na Gaeltachta chun an tsamhail Gaeltachta atá acusan a fhíorú.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh “Tá sé ríthábhachtach d’Údarás na Gaeltachta aos óg na Gaeltachta a spreagadh chun na nuálaíochta agus spéis sna hearnálacha seo a spreagadh iontu ina dteanga dúchais féin. Is iad seo na fiontraithe agus na heolaithe a bheidh againn sa todhchaí agus is iad a chruthóidh agus a fhorbróidh Gaeltacht na todhchaí. Tá súil ag Údarás na Gaeltachta tógáil ar an togra amach anseo agus é a leathnú más féidir.”