Clár Leader i Múscraí 2015 – 2020

9 Samhain, 2015

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag obair i gcomhar le Comhairle Contae Chorcaí, le Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Chorcaigh Theas (LCDC Chorcaigh Theas), le IRD Duhallow agus le Avondhu Blackwater Partnership Ltd ag réiteach iarratas agus plean forbartha a bhaineann le Clár LEADER don dtréimhse 2015-2020 do cheantar Chorcaigh Theas. Tá ceantar Mhúscraí áirithe mar chuid de cheantar feidhme an Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Chorcaigh Theas ag Comhairle Chontae Chorcaí faoin struchtúr nua atá i bhfeidhm do na Rialtais Áitiúla.

Beidh an comhiarratas seo le cur faoi bhráid na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil le go mbeidh na páirtithe thuasluaite ainmnithe mar an LAG (Local Action Group) a bheidh freagrach as riaradh an chlár mhaoinithe LEADER i gCorcaigh Theas, Múscraí san áireamh.

Mar chuid de phróiseas ullmhúcháin an phlean, tá an tÚdarás ag dul i gcomhairle leis na coistí agus na grúpaí pobail i nGaeltacht Mhúscraí. Is mian linn an deis seo a thapú chun plé agus cíoradh a dhéanamh faoi na deiseanna forbartha agus maoinithe a bhaineann leis an gclár forbartha seo, agus scagadh a dhéanamh freisin ar na riachtanais forbartha de réir na pobail féin.

Beidh seisiúin á n-éascú ag an Údarás i gcomhair leis na coistí forbartha pobail áitiúla chun a gcuid tuairimí a fháil mar a leanas:

10ú Samhain

7.00i.n. Comhaltas Cosanta Chúil Aodha, Ionad Óige Dhónal Ó Liatháin
8.30i.n. Coistí Pobail Bhaile Bhuirne, Ionad Lae Bhaile Bhuirne

11ú Samhain

5.00i.n. Coiste Forbartha Réidh na nDoirí, san Ionad Áise
7.00i.n. Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Cuan Barra
8.30i.n. Coiste Forbartha Chill na Marta, Ionad Cois Cille

Tuilleadh eolais maidir le feidhmiú Clár LEADER i Múscraí le fáil ó Oifigí an Údaráis i mBaile Mhic Íre ag 026-45366 nó i nDaingean Uí Chúis ag 066-9150100, nó cuir rphost chuig: corcaigh@udaras.ie