Chas an Taoiseach an chéad fhód le haghaidh ionad nua do chuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc, Co. na Gaillimhe

30 Iúil, 2015

nóiméad léite

Rinne an Taoiseach, Enda Kenny, T.D., an chéad fhód a chasadh do mhórionad cultúrtha agus cuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc, Co. na Gaillimhe.

Tá an t-ionad ar cheann d’ocht mórthionscadal caipitil atá mar chuid lárnach den snáithe Machnamh ar an Stair in Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, an clár gníomhaíochta bliana chun imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh. Tá an t-ionad cuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh ar cheann d’ocht mórthionscadal atá á bhforbairt mar chuid d’infheistíocht chaipitil de luach €22 mhilliún, lena bhfágfar oidhreacht bhuan ar chuimhneacháin 2016.

Tá Teach an Phiarsaigh suite i dtírdhreach suaithinseach i Ros Muc, áit ar chaith Pádraig Mac Piarais, duine de cheannairí Éirí Amach 1916, samhraí na mblianta ó 1909 go 1915. San ionad nua i dTeach an Phiarsaigh, beidh deis ag cuairteoirí léargas a fháil ar an nGaeilge agus ar chultúr na Gaeltachta chomh maith le taitneamh a bhaint as an tírdhreach mórthimpeall. Déanfar é sin i gcomhthéacs scéal an Phiarsaigh agus trí shúil a chaitheamh ar an méid a mheall go Ros Muc é.

Cuimseofar ceithre eilimint san fhorbairt, lena n-áirítear ionad nua do chuairteoirí, Cosán Chonamara (ina mbeidh 10 n-acra agus siúlóidí lúbtha), Slí na Coille (spás léirmhínithe ina ndíreofar ar Phádraig Mac Piarais féin) agus Teach an Phiarsaigh, atá ann cheana. Tá an fhorbairt faoi threoir Údarás na Gaeltachta mar chuid de ghrúpa stiúrtha ar a bhfuil Comhairle Contae na Gaillimhe, Oifig na nOibreacha Poiblí, Fáilte Éireann agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.