Ceardlann Pleanála Teanga á reáchtáil do na Ceanneagraíochtaí a bheidh ag plé leis an phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

1 Nollaig, 2014

nóiméad léite

Tá ceardlann á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta i mBaile Chláir na Gaillimhe inniu (11 Samhain) dírithe ar róil agus clár oibre na gCeanneagraíochtaí sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Mar chuid den cheardlann déanfar plé ar na chéad chéimeanna in ullmhú plean teanga sna Limistéir Pleanála Teanga, róil an phobal, an Údaráis agus na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa phróisis sin, agus déanfar plé ar pholasaí teanga i scoileanna Gaeltachta.

Beidh baill as na trí Ceanneagraíochtaí atá roghnaithe go dtí seo ag freastal, sin iad Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo., Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.

Ag freastal chomh maith beidh baill as na heagraíochtaí pobail eile a bhfuil plé ar siúl leo faoi bheith ina Cheanneagraíocht sna sé Limistéir Pleanála Teanga (LPT) a fógraíodh le gairid. Sin iad,

Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille Teo do LPT Dún na nGall Theas;

An tSeanbheairic Teo, Pobal Eascarrach Teo, Coiste Pobail Ghort a Choirce ( i dteannta a chéile) do LPT Cloich Chionnaola, Gort a Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh;

Comhairle Ceantar na nOileán Teo do LPT Ceantar na nOileán;

Comharchumann Mhic Dara do LPT An Cheathrú Rua;

Comhlucht Forbartha na nDéise Teoranta do LPT Na Déise;

Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Rathaigh do LPT Ciarraí Theas.

Is seo an chéad cheann de sraith ceardlanna a bheas á reáchtáil ag an Údarás a bheidh mar fhóram ag na Ceanneagraíochta le plé a dhéanamh ar cheisteanna agus ar nithe coitianta a thiocfaidh chun cinn de réir mar a théann an próiseas pleanála teanga ar aghaidh.