Ceanncheathrú Eorpach le bunú ag HID Global Ireland Teo. i gCathair na Gaillimhe

8 Feabhra, 2019

nóiméad léite

Tá sé dearbhaithe ag HID Global Ireland Teo. d’Údarás na Gaeltachta go bhfuil cinneadh déanta ag an gcomhlacht a nAonad Barr Feabhais Eorpach a lonnú i gCathair na Gaillimhe. Mar thoradh ar bhunú an Cheanncheathrú Eorpach nua seo, aistreofar feidhmithe iomlán HID Global Ireland Teo. ón suíomh reatha i mBaile na hAbhann go dtí suíomh nua i gCathair na Gaillimhe.

"is féidir linn a dhearbhú go leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag obair chun fiontraíocht a chur chun cinn agus fostaíocht a mhealladh chuig an Ghaeltacht agus tá tús curtha againn le pleananna a réiteach chun malairt fostaíochta a chur ar fáil ar Pháirc Ghnó na Tulaí mar thoradh ar an gcinneadh seo.”

Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Le bliain anuas, bhí cumarsáid agus comhráití leanúnacha ar siúl idir Údarás na Gaeltachta agus an comhlacht chun roghanna cuí méadaithe a sholáthar don chomhlacht chun an t-ionad agus an pearsanra nua a lonnú ag Páirc Ghnó na Tulaí i mBaile na hAbhann agus na poist atá ann i láthair na huaire a bhuanú. D’fhorbair an tÚdarás pacáiste tacaíochta suntasach don chomhlacht ag áireamh obair a chur i gcrích ar dhearadh foirgneamh nua agus dearbhú go mbeadh an tÚdarás sásta an infheistíocht chuí a dhéanamh chun an togra a leathnú ar an Tulaigh.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ‘Bhí comhpháirtíocht fhada agus thairbheach againn le HID Global Ireland Teo. agus Aontec Teo roimhe sin, ag soláthar fostaíocht shuntasach i nGaeltacht Chonamara le beagnach scór blianta.
Cé gur cúis díomá dúinn nach bhfuil sé roghnaithe ag an gcomhlacht na deiseanna atá ofráilte ag an Údarás dóibh i nGaeltacht Chonamara a thapú, is féidir linn a dhearbhú go leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag obair chun fiontraíocht a chur chun cinn agus fostaíocht a mhealladh chuig an Ghaeltacht agus tá tús curtha againn le pleananna a réiteach chun malairt fostaíochta a chur ar fáil ar Pháirc Ghnó na Tulaí mar thoradh ar an gcinneadh seo.”

Lonnaigh HID Global Ireland Teo. i mBaile na hAbhann in 2007 le tacaíocht Údarás na Gaeltachta tar éis dóibh an comhlacht Aontec Teo., a bhí lonnaithe ann ó 2002, a cheannach. Déanadh infheistíocht stáit de €2m i ndeontais fostaíochta, innealra, oiliúna agus taighde & forbartha idir an dá thogra ó 2002 i leith. Ag deireadh 2018, bhí 104 duine fostaithe ag HID Global Ireland Teo. ag a áis i mBaile na hAbhann agus tá sé dearbhaithe aige go mbeidh na poist ar fad ag aistriú go dtí an áis nua laistigh de thréimhse 18 mí.