Casadh an Chéad Fhód ar Ionad Seirbhísí na nOileán, Tír an Fhia, Leitir Móir

11 Eanáir, 2007

nóiméad léite

Chas an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T. D. an chéad fhód ar shuíomh Ionad Seirbhísí na nOileán i dTír an Fhia inniu. I láthair ag an ócáid chomh maith bhí Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, Seán Ó Coistealbha, Bainisteoir Mhuintearas agus Pádraig Ó Biadh, Bainisteoir Chomhairle Ceantar na nOileán.

Tá infheistíocht de os cionn €2 mhilliún a dhéanamh ag an Údarás san fhoirgneamh nua seo. Mar chuid den fhorbairt beidh spás oifige d’ardchaighdeán á chur ar fáil don eagraíocht Muintearas na nOileán agus d’eagrais forbartha pobail eile atá ag feidhmiú sa cheantar.

De réir an Údaráis, cuirfidh Ionad Seirbhísí na nOileán go mór le háiseanna an cheantair agus beidh sé mar chúltaca tábhachtach do riachtanais forbartha an phobail.