Breithiúnas tugtha sa Chúirt Tráchtála i gcoinne Pearse Flynn

17 Nollaig, 2008

nóiméad léite

Nótálann Údarás na Gaeltachta an breithiúnas a tugadh san Ard-Chúirt (Tráchtála), inniu (16 Nollaig) i gcoinne Pearse Flynn, tionscnóir na gcomhlachtaí Teagmháil an Daingin Teo agus Teagmháil Acla Teo.

Fuair an tÚdarás breithiúnas de €1.235m móide costais i gcoinne an Uasail Flynn.

Ghlac An tÚdarás imeachtaí dlí i gcoinne an Uasal Flynn le haisíocaíochtaí a lorg ar dheontais de €1.235m a h-íocadh le Teagmháil an Daingin Teo agus Teagmháil Acla Teo. Dúnadh an dá chomhlacht sin a raibh glao-aonad agus gnó seirbhísí airgeadais idir lámha acu sa Daingean agus in Acaill gan choinne i mí Feabhra 2008.