Breis agus 60 post nua le cruthú sa chomhlacht Cambus Medical, An Spidéal

9 Meán Fómhair, 2009

nóiméad léite

Tá sé fógartha ag Cambus Teo inniu go bhfuil breis agus 60 post nua le cruthú sa chomhlacht feiste leighis ar An Spidéal. Tabharfaidh seo go 85 an líon daoine a bheidh fostaithe sa chomhlacht. Cruthófar na poist thar thréimhse trí bliana de réir mar a thiocfaidh méadú ar an táirgeadh a bheidh á sholáthar ag an gcomhlacht dá chuid custaiméirí. Is céimithe tríú leibhéal iad os cionn leath de na 25 duine atá fostaithe sa chomhlacht faoi láthair agus tá blianta taithí acu san earnáil feiste leighis.

Chun go mbeidh spás sa chomhlacht do na fostaithe nua seo agus chun freastal ar an méadú a thiocfaidh ar tháirgeacht an chomhlachta, cuireadh athchóiriú i gcrích le gairid ar an áis déantúsaíochta, rud a chiallóidh go mbeidh ar chumas an comhlachta a thrí oiread a tháirgeadh agus tá spás tiomnaithe 4,000 troigh chearnach ann do Thaighde agus Forbairt agus chun táirgí nua a tháirgeadh.

Soláthraíonn Cambus Teo réitigh comhpháirteanna cataitéar ar ardchaighdeán do dhéantúsóirí feistí mháinliachta mion-ionrach, ar nós cataitéir angaplaiste bhalúin agus córais chun steintíní a sheachadadh. Is iad Barry Comerford agus John Farragher a bhunaigh an comhlacht in 2006, agus tá custaiméirí acu i mbreis agus 20 tír.

Dúirt Barry Comerford, Bainisteoir Stiúrtha an chomhlachta “Ionas go mbeadh ar chumas Cambus Teo a bheith iomaíoch sa mhargadh domhanda, táimid dírithe ar fhorbairt theicneolaíochtaí próisis d’ardchaigeán agus infreastruchtúr bainistíochta agus innealtóireachta a bheidh ábalta tacú le fás tréan ár ngnó agus ag an am céanna a bheidh ag soláthar cúram custaiméara agus tacaíocht theicniúil d’ardleibhéal dár gcustaiméirí.

I mí Bealtaine na bliana seo, d’éirigh go sásúil leis an gcomhlacht infheistíocht €500 míle a fháil ó AIB Seed Capital Fund atá á bhainistiú ag Enterprise Equity. Dúirt Rory Hynes, Feidhmeannach Infheistíochta le Enterprise Equity Venture Capital Group “Thar aon rud eile, rinneamar infheistíocht i Cambus Teo mar gheall ar láidreacht na foirne bhainistíochta. Tá taithí láidir acu san earnáil feiste leighis, tá siad thar a bheith soiléir maidir le cé as a d díolacháin réamh-mheasta agus tá creidiúnacht iontach acu lena gcustaiméirí.

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Is comhartha dearfach é seo don Ghaeltacht, gnó atá chomh sofaisticiúil agus chomh fada chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta, go bhfuil muinín ag bainistíocht an chomhlachta as an bhfoireann oibre agus as an gceantar go ginearálta. Is sampla é an fhorbairt seo de chur i bhfeidhm pholasaí an Údaráis tionscail ardteicneolaíochta atá ag fostú daoine le hard cháilíochtaí i gceantair atá in ann foirgnimh fheiliúnach gnó, foireann oibre oilte agus infreastruchtúr a chur ar fáil.”