Bioniche Pharma chun 25 post nua a chruthú in ionad nua Taighde agus Forbartha Cógaisíochta in Indreabhán, Conamara

11 Samhain, 2009

nóiméad léite

Tá sé fógartha ag Bioniche Pharma inniu, sainchomhlacht cógaisíochta lánchomhtháite, go mbeidh 25 post nua á chruthú aige sna 3 bliana amach romhainn i dtaighde agus i bhforbairt cógaisíochta. D’éascaigh an áis nua taighde agus forbartha cógaisíochta, a d’fhorbair Údarás na Gaeltachta ar chostas €2.5 milliún agus atá in aice ionad déantúsaíochta an chomhlachta in Indreabhán, na tionscnaimh taighde agus fhorbartha atá sa phíblíne ag an gcomhlacht.

Is le Roundtable Healthcare Partners, comhlacht infheistíochta atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe agus a dhíríonn go sonrach ar an earnáil sláinte, tromlach an chomhlachta Bioniche Pharma. Tá díolacháin ag Bioniche Pharma in os cionn 50 tír ar fud an domhain agus tá 160 duine fostaithe aige in Indreabhán.

Ag labhairt dó ag an oscailt oifigiúil inniu, rinne Jack McGinley, Cathaoirleach Bioniche Pharma agus duine de bhunaitheoirí RoundTable Healthcare, tagairt d’fhás leanúnach an chomhlachta ó fuair RoundTable seilbh air in 2006. Dúirt sé go bhfuil láimhdeachas an chomhlachta méadaithe faoi thrí agus go bhfuil an líon foirne méadaithe ó 100 go dtí 160 duine sa tréimhse sin.

Ag labhairt dó faoin ionad nua Taighde agus Forbartha, dúirt Damien Kelly, Príomhoifigeach Airgeadais Bioniche Pharma, “Is léargas é an fhorbairt agus an infheistíocht seo atá déanta i dTaighde agus Forbairt ar ár dtiomantas leanúnach tógáil ar ár réimse táirgí agus is céim mhór é a chinnteoidh go dtiocfaidh fás ár ngnó agus ar fhostaíocht i gceantar na Gaillimhe sa todhchaí.”

Dúirt Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta go raibh an tÚdarás an-sásta a bheith ábalta an fhorbairt ar ghníomhaíochta Taighde agus Forbartha an chomhlachta i nGaeltacht Chonamara a éascú. “Tá na deiseanna fostaíochta ardchaighdeáin a chruthóidh an infheistíocht stáit seo thar a bheith tábhachtach don cheantar agus láidreoidh sé fréamhacha an chomhlachta i ngeilleagar na hÉireann agus go háirithe sa Ghaeltacht. Tá sé riachtanach go mbeadh teacht ag comhlachtaí Gaeltachta ar áiseanna forbartha agus taighde den scoth a thabharfaidh deis dóibh a bheith iomaíoch go domhanda. Is dea-shampla é an togra seo ar an mbealach a n-oibríonn an tÚdarás lena chliaint-chomhlachtaí le tacú leo a ngnó a leathnú agus a fhorbairt.