Beacáin Ré na nDoirí Teo., Mágh Chromtha, Co. Chorcaí.

11 Meán Fómhair, 2006

nóiméad léite

Tuigtear d’Údarás na Gaeltachta go mbeidh tréimhse 6 seachtaine ann sula stopfaidh an comhlacht i mbun trádála. Faoi láthair tá 20 lánaimseartha ag obair sa chomhlacht. Beimíd ag súil go gcláróidh na fostaithe atá ag obair ann faoi láthair leis an Údarás má tá suim acu i ndeiseanna fostaíochta a bheadh ar fáil i gcomhlachtaí eile sa cheantar nó suim acu freastal ar chúrsaí oiliúna chun cur lena gcuid scileanna nó breathnú ar na roghanna éagsúla i dtaobh gnó nua a bhunú. Beidh Údarás na Gaeltachta ag obair le FAS agus na heagraís áitiúla eile chun gach cabhair agus comhairle a chur ar fáil do na daoine seo.

Tá obair leanúnach ar siúl ag Údarás na Gaeltachta tograí nua a fhorbairt sa cheantar chun fostaíocht bhreise a chruthú. Tá c.1 milliún euro infheistithe ag an Údarás ar an suíomh tionsclaíoch atá againn i Ré na nDoirí chun é a chur in oiriúint mar Eastáit Tionsclaíoch.

Faoi láthair táimíd ag cur fáilte roimh léirithe suime ó thionsclóirí agus lucht gnó an cheantair a mbeadh suim acu suíomhanna a cheannach chun gnó nua a fhorbairt ar an láthair seo i gcomhar leis an Údarás.

Tá cruinnithe ar siúl inniu le bainistíocht an chomhlachta.