Athbhreithniú deireadh bhliaina 2007

21 Eanáir, 2008

nóiméad léite

  • Cruthaíodh 1,038 post lánaimseartha
  • Ceadaíodh 928 post nua lánaimseartha
  • Fás leanúnach ag teacht ar an earnáil seirbhísí
  • Fás ag teacht ar dhéantúsaíocht speisialaithe agus nua-aimseartha
  • An earnáil uiscshaothraithe ag teacht chuici féin
  • Iomaíocht d’infheistíocht nua ag géarú

Cruthaíodh 1,038 post nua i 2007. Ba dhul chun cinn suntasach é sin maidir le cruthú postanna i réimsí difriúla earnálacha, an earnáil seirbhíse agus déantúsaíocht nua-aimseartha ach go háirithe, nuair a chuirtear san áireamh an t-athrú san aeráid eacnamaíochta sa dara leath de 2007.

Tugann sé seo go 8,026 an t-iomlán atá fostaithe go lánaimseartha i gcliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis, rud a chiallaíonn go bhfuil an mór iomlán fostaíochta ar ais thar an bhfigiúir 8,000 don chéad uair ó bhí 2001 ann nuair a thosaigh an lagú san earnáil déantúsaíochta traidisiúnta.

Léiríonn na figiúirí fostaíochta, atá ar aon dul leis an treocht náisiúnta, go bhfuil fás leanúnach ar an fhostaíocht san earnáil seirbhísí ach go bhfuil an earnáil traidisiúnta déantúsaíochta fós ag dul i léig. Gné atá suntasach i dtorthaí na bliana seo ná an fás atá tagtha ar an earnáil déantúsaíochta nua-aimseartha, rud a léiríonn go bhfuil ag éirí le straitéis an Údaráis díriú ar earnáil déantúsaíochta nideoige agus a thugann dóchas dúinn don todhchaí. Tá an fás seo le feiceáil sna hearnálacha eolaíochta beatha ar nós cógaisíochta, bithleighis, feisteas leighis agus an earnáil déantúsaíochta saintáirgí ach go háirithe.

Iomaíochas agus Buanú Postanna

Ghéaraigh an iomaíocht sna margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta i rith na bliana. Chruthaigh an chorraíl sna margaí airgeadais deacrachtaí do roinnt chomhlachtaí Gaeltachta agus bhí cuid eile acu faoi bhrú mór de bharr ráta malairte an Euro/Dollar. Cuireadh cúnamh taighde agus forbartha agus tacaíochtaí eile ar fáil do chomhlachtaí lena gcumas iomaíochta a láidriú agus buanaíodh postanna dá thoradh sin. Is léir gur gá béim bhreise fós a chur ar an tacaíocht iarchúraim seo mar uirlís chun comhlachtaí a láidriú, postanna a bhuanú agus a mhéadú agus, i gcás comhlachtaí a bhíonn faoi bhrú ina gcuid margaí, líon na bpost a chailltear a laghdú oiread agus is féidir.

Nuair a chuirtear líon na bpost a cailleadh (965) in 2007 san áireamh bhí méadú glan 73 post ann ar an iomlán.

Bliain Dhúshlánach Romhainn

Go ginearálta, is léir go bhfuil bliain dhúshlánach go leor amach romhainn nuair a thógtar san áireamh an aeráid eacnamaíochta domhanda, an tionchar atá ag an ráta malairte Euro/Dollar ar chomhlachtaí áirithe agus an cúngú creidmheasa ar chliant-chomhlachtaí an Údaráis. Dúshlán mór a bheidh ann dúinn na spriocanna forbartha agus fostaíochta atá leagtha amach againn a bhaint amach, ach tá líon na bhfiosrúchán gnó agus na hábhair tograí atá sa bpíblíne don chéad cheathrú don bhliain láidir go leor. Tá súil ag an Údarás tógáil air seo sna míonna atá amach romhainn agus mar gheall ar an an ghéariomaíocht d’infheistíocht nua tá beartais mhargaíochta bhreise á scrúdú againn. Díreofar an bhéim fhorbartha ar cheantair shonracha atá scoite amach agus ina bhfuil spás tionsclaíoch agus gnó de chaighdeán maith ar fáil. Leanfar ar aghaidh leis an bhéim ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide dúchasacha i speictream leathan earnálacha ar a n-áirítear déantúsaíocht nideoige, seirbhísí trádála idirnáisiúnta agus acmhainní nádúrtha.

An Tionscal Uisceshaothraithe

Tar éis roinnt blianta deacra tá comharthaí dóchais ann go bhfuil an tionscal uisceshaothraithe ag bisiú de bharr an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an fheirmeoireacht bradán orgánach agus an infheistíocht shubstaintiúil atá déanta ag an Údarás sa tionscal sin le cúpla bliain anuas. Cinnteoidh polasaithe náisiúnta agus moltaí thuarascáil Cawley infheistíocht shubstaintiúil ón Rialtas agus ón Aontas Eorpach san earnáil seo i rith na mblianta atá romhainn amach agus tá ról gníomhach ag an Údarás i gcur i bhfeidhm na moltaí sin i gcomhar leis na geallshealbhóirí eile a bhfuil cúraimí forbartha agus saothraithe mara orthu. Tá dul chun cinn suntasach déanta ar roinnt tograí nuálaíocha i réimse na mara i dteannta le hOllscoil na Éireann Gaillimh trí Institiúid Mháirtín Uí Riain, i gCarna, Conamara, ina measc – feirmeoireacht trosc orgánach; forbairt ar iasc ornáideach, togra taighde ar phiardóg, agus ar fhorbairt ionaid nuálaíochta mara sa cheantar sin. Tá cainteanna leanúnacha ar bun idir an tÚdarás agus ionadaithe na hInstitiúide sin maidir le forbairtí breise cómhpháirtíochta sna réimsí taighde agus tráchtálaithe ar an láthair sin i gCarna.

Bonneagar Gnó – Dúshraith don todhchaí

Aithníonn an tÚdarás go bhfuil sé riachtanach an dúshraith d’fhorbairtí sa todhchaí a leagan síos go céimnitheach sa dóigh go mbeidh soláthar maith saotharspáis, linn láidir scileanna agus bonneagar fisiciúil agus leathanbhanda ar fáil mar bhunús le fiontair áitiúla a spreagadh agus le hinfheistíocht sheachtrach a mhealladh go dtí an Ghaeltacht. I 2007 lean an tÚdarás lena pholasaí ionaid ghnó do sheirbhísí nua-aimseartha, ionaid fiontair agus ionaid ilfheidhmeach a fhorbairt ar fud na Gaeltachta:

– cuireadh tús leis an chéad chéim d’fhorbairt Áislann Ghaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar chostas €8.8m thar thréimhse trí bliana i gcomhar le Comhairle Chontae Dhún na nGall go príomha;

– rinneadh forbairt ar Ionad Seirbhísí na nOileán i dTír an Fhia, Conamara ar chostas €2m;

– ceapadh comhairleoirí ailtireachta le pleananna a ullmhú do chéad chéim fhorbartha Choláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne. Beidh cead pleanála á lorg i lár na bliana 2008;

– tá tús curtha le hobair athfhorbartha Ionad Oidhreachta Árann ar chostas €1.5m;

– osclaíodh Ionad Teagmhála Custaiméara nua-aimseartha ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair;

– tá Cultúrlann le 450 suíochán forbartha ag Ionad Chois Locha i nDún Lúiche ar chostas €2.1m le tacaíocht ó Fáilte Éireann, Údarás na Gaeltachta, agus eagraíochtaí eile;

– cuireadh tús le hobair fhorbartha agus leathnúchán ar Ionad Seirbhísí Mara ag cé Mhachaire Rabhartaigh i dTír Chonaill ar chostas €1.6m;

– cuireadh tús le forbairt ar ionad nua ilfheidhmeach ar An Tearmann i dTír Chonaill a bhfuil infheistíocht iomlán de €2.6m i gceist ann;

– osclaíodh ionad fiontair agus saoráidí oifige do Chomharchumann Forbartha Árann ar Inis Mór ar chostas €1.2m;

– ullmhaíodh na pleananna agus fuarthas cead pleanála d’ionad nua fiontraíochta ar Oileán Chléire;

– ullmhaíodh pleananna agus cuireadh iarratas pleanála faoi bhráid Chomhairle Chontae Phort Láirge i gcomhair Lárionad Seirbhísí agus Fiontair sa Rinn i bPort Láirge;

– bronnadh an conradh chun ionad ilfheidhmeach seirbhísí agus fiontair a thógáil ar chostas €1.6m ar Eastát Tionscal Charna.

Forbairt ar Bhonneagar Teilechumarsáide

Ag cur san áireamh nádúr tuaithe na gceantar Gaeltachta, an scaipeadh tíreolaíoch atá orthu – seacht n-oileán eischósta san áireamh – tá frustrachas ar leith ag baint leis an easpa soláthair leathanbhanda i gcuid mhaith de na ceantair Ghaeltachta a bhfuil an tÚdarás ag iarraidh gnóthaí nó tionscail a bhunú iontu.

Tá stocaireacht leanúnach á déanamh ag an Údarás maidir le soláthar agus feabhsú na seirbhíse leathanbhanda sa Ghaeltacht le blianta fada. Tá seirbhís de chineál éigin ag breis agus 65% de na ceantair Ghaeltachta faoi láthair ach tá caighdeán na seirbhíse lag nó easnamhach i gcuid de na ceantair atá i gceist agus níl soláthar ar bith i gceantair eile. Rinneadh uasghrádú ar dhá mhalartán Gaeltachta go caighdeán DSL in 2007 – An Rinn agus Baile na Finne – agus tá Corr na Mona agus Inis Mór, Árainn, ar liosta Eircom do 2008. Is gá athnuachan a dhéanamh ar an mbunlíonra teileachumarsáide i roinnt maith ceantar le caighdeán maith seirbhíse a chinntiú. Tá an chuid eile de na ceantair Ghaeltachta le bheith san áireamh sa Tionscadal Náisiúnta Leathanbhanda atá á bheartú ag an Roinn Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha agus atá ag gabháil tríd próiseas tairisceana faoi láthair. Táthar ag tuar go gceapfar soláthróir(í) faoi lár 2008 agus go mbeidh an tionscadal sin curtha i gcrích faoi dheireadh 2009.

Tá plé ar bun le tamall anuas le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, agus leis an soláthróir HEA NET chun córas/líonra leathanbhanda ardluais a chur ar fáil ag seacht suíomh ina bhfuil ionaid ag an Acadamh – i nGaoth Dobhair, dhá cheann i gCarna, in Indreabhán agus ar an Cheathrú Rua.

Tá líonra leathanbhanda á chur ar fail i nGaeltacht Dhún na nGall tríd an tionscadal CNS, comhpháirtíocht trasteorann atá á mhaoiniú go príomha trí chlár Interreg IIIA agus an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn. Tá maoiniú ceadaithe freisin ag an Údarás don tionscadal a chlúdóidh ceantair Ghleann Cholm Cille, Na Rosa, Gort a’Choirce, An Fál Carrach agus Na Dúnaibh. Tá conradh á phlé le soláthróir áirithe faoi láthair agus tá súil go mbeidh an tionscadal curtha i gcrích faoi lár 2008.

Bóithre agus Céibheanna

Tá an bonneagar fisiciúil mar eochair do réimse leathan forbairtí gnó agus tionsclaíocha a bhíonn ag brath ar sheirbhísí iompair. Cuireann bonneagar easnamhach agus caolais thráchta le costais ghnónna agus le míchompord taistil d’oibrithe, do thurasóirí agus don ghnáthphobal agus uime sin tá béim mhór á cur le fada ag an Údarás ar uasghrádú an bhonneagair sna ceantair Ghaeltachta le go mbeidh siad níos tarraingtí ó thaobh infheistíochta de. Tá feabhas nach beag tagtha ar fhormhór na mbóithre sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas ach tá sé riachtanach go gcuirfí dlús leis an obair seo agus go dtabharfar chun críche í.

Tá sé riachtanach ach go háirithe go dtabharfaí faoi na mórthograí infreastruchtúir atá a bplé le roinnt blianta anuas a mbeidh toradh céadtach orthu ar na limistéir ina bhfuil siad le forbairt. Tá forbairt agus feabhsúcháin shuntasacha idir lámha ar chéibheanna thrí oileán Árann faoi láthair agus is cinnte go gcuirfidh an obair sin taca láidir faoi inbhuanaitheacht na n-oileán sin sa todhchaí. Tá sé ríthábhachtach, áfach, go gcuirfí dlús le forbairt iomlán chomhtháite chalaphort Ros a’Mhíl agus go mbeadh na húdaráis chuí réamhghníomhach i bpleanáil agus i bhforbairt an bhóthair mhóir nua ó Ghaillimh go Scríb. Creideann an tÚdarás go n-osclóidh na mórthionscadail infreastruchtúir sin deiseanna móra forbartha nach féidir a ghiniúint dá n-uireasa.

An Teanga

Is léir ón bhfianaise ar an bhfód go bhfuil an Ghaeilge ag staid chriticiúil, leochaileach mar theanga phobail sa Gaeltacht faoi láthair. Léiríonn an Staidéar Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a d’fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta i mí na Samhna 2007 na dúshláin atá amach romhainn féin agus roimh phobail na Gaeltachta. Cuireann an tÚdarás fáilte ar leith roimh chinneadh an Rialtais Coiste Comhaireachta a bhunú chun gníomhphlean comhtháite a aontú taobh istigh de bhliain d’fhonn todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail na Gaeltachta a dhaingniú. Tá tátail agus moltaí an staidéir á scrúdú ag an Údarás mar bhunús d’aighneacht a chuirfear ar fáil don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i rith na míonna seo romhainn.

Tá tionscnamh nua teanga dírithe ar an nGaeilge a chothú agus a threisiú sna cliantchomhlachtaí ullmhaithe agus tosófar ar é a chur i bhfeidhm i rith 2008.

Tá 31 Ionad Seirbhísí Teanga bunaithe ag an Údarás ar fud na Gaeltachta agus bronnadh na chéad teastais ar rannpháirithe na gcúrsaí Teastais Eorpach na Gaeilge sa Ghaeltacht i 2007.Seo cúrsaí grádaithe a oireann do gach leibhéal cumais atá forbartha ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, agus sé Teastas Eorpach na Gaeilge an t-aon teastas creidiúnaithe d’fhoghlaimeoirí Gaeilge atá ar fáil.

Rinne os cionn 1,200 duine fásta freastal ar chúrsaí Gaeilge ar fud na Gaeltachta agus is rannpháirithe an chúrsa Teastas Eorpach na Gaeilge 80% díobh san.

Mar chuid de straitéis pleanála teanga na heagraíochta, bheartaigh an tÚdarás i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, suirbhéanna a choimisiúnú ar riachtanais teanga phobail na Gaeltachta. Go dtí seo tá suirbhé déanta ar scór pobal Gaeltachta agus tá anailís á dhéanamh ar thorthaí na suirbhéanna faoi láthair ag sochtheangeolaí. Ach torthaí agus tátail na suirbhéanna seo a bheith ar fáil cuirfear cúnamh ar fáil do na pobail le pleananna gníomhaíochtaí teanga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ag brath ar riachtanais shainiúla na bpobal sin.

Oideachas Tríú leibhéal trí Ghaeilge

Tá forbairt na hollscolaíocht trí Ghaeilge lárnach do straitéis an Údaráis chun linn láidir daoine ardoilte a sholáthar d’fhórsa saothair an Gaeltachta agus mar bhonn le teacht ar fhiontraithe nua Gaeltachta. Cinntíonn sé chomh maith go bhfuil rochtain ar oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge ar fáil sa Ghaeltacht, rud a chiallóidh go mbeidh tionchar dearfach teangeolaíochta agus socheacnamaíochta ar na pobail sin ina bhfuil na hionaid agus na cúrsaí lonnaithe. Ina chuideachta sin, tá fostaíocht d’ardchaighdeán á cruthú agus á cur ar fáil sna hionaid seo.

Tá borradh mór tagtha ar an Ollscolaíocht trí Ghaeilge agus ar líon na gcúrsaí creidiúnaithe tríú leibhéal sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas. I rith na bliana acadúla 2007/2008 tá timpeall 500 macléinn ag freastal ar chúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha creidiúnaithe – idir dhioplómaí, ard-dioplómaí, céimeanna agus iarchéimeanna. Tá formhór na gcúrsaí sin á soláthar ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, ar mhionchampais ar an Cheathrú Rua, i gCarna agus i nGaoth Dobhair. Lena chois sin tá institiúidí eile ag cur cúrsaí creidiúnaithe ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, ina measc Institiúid Theicneolaíocht Phort Láirge (WIT) i gcomhar le Nemeton sa Rinn, Institiúid Theicneolaíochta na Gaillimhe/Mhaigh Eo i gcomhar le Europus Teo, agus Ollscoil Uladh i dTír Chonaill.

Tá ionad nua ollscolaíochta beartaithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh ar shuíomh atá á cheannach don chuspóir sin ag Údarás na Gaeltachta. Tá súil go mbeidh iarratas pleanála don fhorbairt seo á chur faoi bhráid Chomhairle Chontae Chiarraí i rith na míonna beaga seo amach romhainn.

Tá soláthar gar do €5m ag an Údarás leis an ollscolaíocht trí Ghaeilge agus cúrsaí creidiúnithe 3ú leibhéal a chur chun cinn sa Ghaeltacht i rith na bliana reatha.

An Turasóireacht Chultúrtha

Tosaíodh ar chur chuige nua a chur i bhfeidhm ar earnáil na turasóireachta cultúrtha in 2007. Coinníodh an t-ainmbhranda Gaelsaoire mar uirlís mhargaíochta ach tá an bhéim anois ar cheithreghné shonracha – tacaíocht mhaoinithe a chur ar fáil do lucht táirgí agus seirbhísí turasóireachta lena gcuid margaíochta féin a dhéanamh; an bhéim ar phacáistí cómhargaíochta; tacaíocht d’fhéilte áitiúla a bhfuil acmhainneacht fáis iontu; agus sé cinn de thograí suntasacha eiseamláireacha a fhorbairt thar thréimhse trí/ceithre bliana. Lena chois sin tá eagrais áitiúla fhorbartha a fhaigheann maoiniú reáchtála ón Údarás – comharchumainn agus comhlachtaí pobalbhunaithe – á spreagadh chun áiseanna áitiúla ar nós siúlóidí, ionaid phicnice, comharthaíocht agus seirbhísí eolais a fhorbairt ina gceantar fheidhme. Cuirfear dlús leis an gcur chuige seo i rith 2008.

Tá trí mheitheal oibre i mbun oibre ar thograí sonracha turasóireachta faoi láthair agus ionadaíocht orthu, de réir mar a oireann, ag an Údarás, Comhairlí Contae, Oifig na nOibreacha Poiblí agus eagrais áitiúla – siad sin, Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc i gConamara, Ionad Oidhreachta Árann ar Inis Mór, Árainn agus Ionad Cuartaíochta Shliabh a’ Liag in iardheisceart Thír Chonaill. Tá réamhobair áirithe pleanála déanta maidir le hIonad Oidhreachta an Riadaigh i gceantar Mhúscraí.

Spás Tionsclaíoch

Tá 224,000 m.cr. de spás tionsclaíoch ina sheilbh ag an Údarás. Tá 77% faoi thionóntachtaí gnó, tá 9% a bhfuil gá athchóiriú a dhéanamh air, tá timpeall 6% geallta do thionóntaí úra agus tá 8% eile ar fáil láithreach do thionscadail úra.

Maoiniú Státchiste

Tá maoiniú iomlán státchiste de €40m curtha ar fáil don Údarás don bhliain 2008.