An Vhi ag ceiliúradh deich mbliana i nGaoth Dobhair

4 Bealtaine, 2017

nóiméad léite

Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta agus an VHI i láthair ag ócáid chéiliúrtha 10 mbliana an VHI i nGaoth Dobhair

Ábhar mórtais agus misnigh d’Údarás na Gaeltachta é go bhfuil an Vhi ag ceiliúradh deich mbliana i mbun oibre ag a n-ionad gnó ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá 20 duine fostaithe ag an gcomhlacht árachais ar an bPáirc Gnó faoi láthair agus tá oifig Ghaoth Dobhair freagrach go príomha as cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí an Vhi maidir le cúrsaí Vhi Multi-Trip, a thuairiscíonn siad a bheith ar an táirge is fearr i dtaobh árachas taistil in Éirinn agus in Vhi Idirnáisiúnta a chuireann árachas leighis príobháideach ar fáil dóibh siúd atá ag taisteal thar lear ar feadh sé mhí nó níos mó.

Dúirt an tUasal Stiofán Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Is sampla iontach é an Vhi de chomhlacht náisiúnta seanbhunaithe ar féidir leo príomhghnéithe dá n-oibríochtaí a lonnú go héifeachtach i gceantar tuaithe Gaeltachta. Léiríonn an rath ar a gcuid oibríochtaí ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair gur láthair den scoth é an réigiún Gaeltachta seo chun teacht ar fhórsa oibre sároilte. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun comhghairdeas a dhéanamh leis an bhfoireann ar fad sa Vhi as an deich mbliana atá caite acu i mbun gnó ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Leanfaimid leis an tacaíocht agus guímid gach rath orthu amach anseo.”

Ag labhairt dó faoin gclochmhíle suntasach seo a bheith dhá cheiliúradh i nGaoth Dobhair dúirt Príomhfheidhmeannach an VHI John O’Dwyer, “tá lúcháir orainn go ndearna muid an cinneadh ionad gnó a bhunú anseo i nGaoth Dobhair deich mbliana ó shin. Bhí taithí an-dearfach againn go dtí seo agus táimid thar a bheith ríméadach go raibh sé de chumas againn daoine le scileanna ón bhfórsa iomaíoch oibre a earcú go háitiúil, ceann de na cúiseanna gur shocraigh muid oifig a bheith againn i nGaoth Dobhair an chéad lá riamh. Cuireann an fhoireann anseo an-tacaíocht ar fáil do ghnó an Vhi go ginearálta, agus tá a n-inoiriúnaitheacht tacaíocht a thabhairt do riachtanais ghnó thar raon leathan táirgí nuair is gá an-tábhachtach. Tá an áis á bhainistiú go paiteanta ag Bridget Gallagher as an bhFál Carrach i gCo. Dhún na nGall agus díríonn siad ar theachtaireachtaí isteach lenár gcustaiméirí go príomha”.
Lean sé air “Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghlacadh le hÚdarás na Gaeltachta as a gcuid tacaíochta le deich mbliana anuas agus táimid ag súil le bheith ag obair leo thar na deich mbliana seo amach romhainn.