An tSlí Bhlasta – Turasóireacht bia ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin

3 Márta, 2016

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag eagrú seimineár faoi thurasóireacht bia a bheidh ar siúl in Áislann Ghaoth Dobhair, Dé Céadaoin, 9 Márta mar chuid de Sheachtain Ghnó Dhún na nGall. Tá sé mar aidhm ag an seimineár deis a thabhairt do rannpháirtithe ón earnáil turasóireacht bia nó daoine a bhfuil sé ar intinn acu plean turasóireacht bia a fhorbairt a theacht le chéile.

Beidh deis plé a dhéanamh ar na bealaigh gur féidir táirge turasóireacht bia a fhorbairt agus a chur chun cinn ar fud Slí an Atlantaigh Fhiáin agus cur le gníomhaíochtaí thurasóireachta sa cheantar. I measc na cainteoirí a bheidh i láthair, agus a bhfuil réimse leathan taithí agus dearcadh náisiúnta chomh maith le réigiúnach acu ar chúrsaí turasóireacht bia, beidh: Bernadette Mullarkey, a bhfuil mioneolas aici ar earnáil na turasóireachta; Artie Clifford, a bhunaigh na gradaim bia Blas na hÉireann; Zack Gallagher, a bhfuil an blag Irish Food Guide aige; Sinead Hennessy ó Fáilte Éireann, agus Conor McTiernan ó LYIT.

Cuid de na h-ábhair a bheidh á phlé acu ná:

• Straitéis Fáilte Éireann do Thurasóireacht Bia
• Conas dul san iomaíocht agus barr feabhais i dturasóireacht bia a bhaint amach
• An tábhacht atá le brandáil
• Conas táirge d’ardchaighdeán a fhorbairt agus a ofráil

Tá clár an lae ar fáil anseo

Clár na gcainteoirí ar fáil anseo

Ba chóir do rannpháirtithe a gcuid cártaí gnó agus ábhar bolscaireachta a bheith leo ar an lá. Chun clárú don seimineár déan teagmháil le Aisling Ní Fhearraigh ar 074 9558026 nó
Seol Ríomhphost