An comhlacht teilifíse Nemeton ainmnithe do ghradam IFTA

4 Feabhra, 2010

nóiméad léite

Tá an comhlacht teilifíse Nemeton, cliant-chomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, atá lonnaithe sna Déise i bPort Láirge, ainmnithe do ghradam IFTA. Is don chlár GAA BEO, ceannródaí bheo-chraolacháin na gCluichí Gaelacha do TG4, atá an comhlacht ainmnithe, ar chraoladh Chluichí Ceannais na gClubanna 2009 a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig anuraidh.

Tá cáil domhanda bainte amach ag Nemeton mar sholáthróir teilifíse agus na meáin dhigiteacha. Léiríonn an comhlacht iomaí réimse craolacháin spóirt, ag clúdach cluichí na nGael, sacar, rásaí capaill, snúcar agus imeachtaí idirnáisiúnta seoltóireachta.

Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, soláthraíonn Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge i gcomhar le Nemeton, cúrsaí Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse agus tá siad i láthair na huaire ag glacadh le hiarratais. Tá gach eolas le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Nemeton.