An Chéad Chruinniú idir Bord an Údaráis agus An tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta

26 Iúil, 2010

nóiméad léite

Ag an gcéad chruinniú idir Bord an Údaráis agus an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pádraig Ó Ciardha sna Forbacha inniu, chuir comhaltaí an Údaráis in iúl go láidir don Aire go raibh sé fíorthábhachtach go bhfágfaí an fheidhm fiontair ag an Údarás nuair a dhéanfar athstruchtúrú ar an eagraíocht de thoradh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge atá ar na bacáin.

Threisigh na comhaltaí chomh maith an gá atá le saoirse a bheith ag an Údarás lena chiste caipitil a chaitheamh in oiriúint do riachtanais fhostaíochta na Gaeltachta seachas de réir shrianta dochta reatha na Roinne Airgeadais.

Rinneadh cás ar leith ar son córasú a dhéanamh ar mhaoiniú na hOllscolaíochta trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Chuir an tAire in iúl don Bhord gur aithin sé an ról tábhachtach a bhí ag an Údarás ó thaobh na teanga agus na fiontraíochta de, gur thuig sé an tábhacht a bhain le feidhm fiontair a bheith ag an eagraíocht isteach sa todhchaí agus go mbeadh na ceisteanna seo go léir á bplé agus á socrú nuair a thiocfaidh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar ais faoi bhráid an Choiste Chomh-Aireachta thart ar dheireadh Mheán Fómhair.

Dheimhnigh sé go raibh cainteanna ar bun ag leibhéal Roinne agus Aireachta maidir le maoiniú na hOllscolaíochta trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.