Preas Ráiteas

An chéad chruinniú de Bhord Nua Údarás na Gaeltachta tionólta in Ardoifig Údarás na Gaeltachta sna Forbacha i gContae na Gaillimhe

Tionóladh an chéad chruinniú de Bhord Údarás na Gaeltacht in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha i gContae na Gaillimhe inniu. Beidh an Bord nua i bhfeidhm ar feadh tréimhse 5 bhliana go dtí mí Eanáir 2022 agus tionólfar ar a laghad 8 gcinn de chruinnithe boird i rith 2018 agus leanfar leis an gcleachtas cruinnithe boird de chuid an Údaráis a reáchtáil ag ócáidí móra Gaeltachta ar nós Comórtas Peile na Gaeltachta agus Oireachtas na Samhna. Tá sé i gceist chomh maith go dtionólfar Cruinniú Boird ar Chléire i gContae Chorcaí don chéad uair riamh i mí Mheán Fómhair.
Chuir Cathaoirleach athcheaptha an bhoird Anna Ní Ghallachair fáilte roimh na comhaltaí nua ar an mbord, Debra Ní Shúilleabháin, Mary Uí Chadhain, Séamus Breathnach, John Shéamuis Ó Fearraigh agus Seán Mac Congamhna chomh maith leis na comhaltaí athcheaptha Ian Mac Aindriú, Eunan Ó Cuinneagáin, Máire Seó Breathnach, Siobhán Seoighe, Séamus Cosaí Mac Gearailt agus Seosamh Ó Laoi.

Tograí
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha i gContae na Gaillimhe inniu (02/02/18) cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh 92 post nua lánaimseartha agus 4 post páirt aimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht os cionn €7.2m ag baint leo nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Dhún na nGall, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Chiarraí agus na Mí a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu. Ceadaíodh tacaíocht do thograí éagsúla in earnálacha na Bí & Dí, Táirgí Leighis agus Closamhairc i gContae na Gaillimhe a mbeidh 22 post mar thoradh orthu. Ceadaíodh tacaíocht do 22 post i gContae Mhaigh Eo agus an líon céanna i nGaeltacht na Mí. 20 post a ceadaíodh i nGaeltacht Dhún na nGall do thograí in earnáil na déantúsaíochta.

Trí cheanneagraíocht nua ainmnithe don Phleanáil Teanga mórthimpeall ar Chathair na Gaillimhe
Tugadh uasdátú don Bhord ar an bpróiseas pleanála teanga, an staid reatha i bpróisis réitithe pleananna teanga agus na spriocanna atá leagtha amach don bhliain seo romhainn. Tugadh le fios don Bhord go raibh 3 phlean teanga ceadaithe agus 5 phlean teanga eile curtha faoi bhráid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le deimhniú. Leagadh síos spriocanna go mbeadh 12 plean teanga á fheidhmiú ar an talamh faoi 2018, 20 plean á fheidhmiú faoi 2019 agus go mbeadh 26 plean teanga á fheidhmiú ar an talamh roimh 2020.
Thug an Bord a mbeannacht chomh maith do mholadh trí choiste stiúrtha a cheapadh d’ullmhú plean teanga sna trí LPT mórthimpeall ar Chathair na Gaillimhe. Is iad an eagraíocht nuabhunaithe Coiste Pleanála Teanga Bhearna & Chnoc na Cathrach atá ceadaithe ina gceanneagraíocht do LPT Bhearna & Cnoc na Cathrach, an eagraíocht An Bruach Thoir mar cheanneagraíocht do LPT Oirthear Chathair na Gaillimhe agus Coiste Stiúrtha Plean Teanga an Eachréidh atá ceaptha ina gceanneagraíocht do LPT An Eachréidh. Beifear ag socrú conradh leis na ceanneagraíochtaí nuacheaptha seo go gairid agus ciallóidh sé sin go mbeidh gach ceann de na 26 LPT tosaithe ar phleananna teanga a réiteach.

Straitéis Údarás na Gaeltachta 2018 – 2020
Cuireadh achoimre Straitéis Údarás na Gaeltachta do na blianta 2018 – 2020 os comhair an Bhoird.
Leagann an straitéis amach Ráiteas Misin, Fís, Luachanna & Téamaí Straitéiseacha na hEagraíochta chomh maith le Spriocanna agus Buntáscairí Feidhmíochta na Straitéise a bheidh mar chreat le polasaithe agus aidhmeanna na hEagraíochta a chur i gcrích.
Tá dhá bhunphrionsabal i Straitéis an Údaráis don tréimhse trí bliana 2018 – 2020: Caomhnú agus neartú na Gaeilge agus forbairt Nuálaíochta agus cruthú Fostaíochta. Is iad na prionsabail seo croílár straitéis na heagraíochta. Déanfar gach iarracht na cúinsí cuí a chruthú, ionas go mbeidh an Ghaeltacht mar áit ina mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobail ann agus áit a mheallfaidh an gnáthphobal, fiontraithe agus cuairteoirí araon chun cónaí, maireachtáil agus oibriú ann.
Chuige sin caithfear tacú le hacmhainní teanga, pobail agus cultúrtha agus forbairt á dhéanamh orthu, nuálaíocht a chothú agus fiontraíocht a mhéadú. Díreofar ar chláir agus tionscadail taighde chun an nuálaíocht agus an fhiontraíocht a chothú mar chodanna dílse den chlár forbartha. Creideann an tÚdarás go bhfuil deiseanna suntasacha anseo do na ceantair Ghaeltachta ar fad, ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil chun an straitéis a chur i bhfeidhm ina iomláine.

Staidéar le déanamh ar Lárionad Cultúrtha a fhorbairt sa Rinn
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta inniu (02/02/18) cheadaigh an Bord tacaíocht deontais staidéir féidearthachta do Chomhlucht Forbartha na nDéise Teo. chun tabhairt faoi staidéar agus taighde a dhéanamh ar fhorbairt Lárionad Cultúrtha/Turasóireachta i mBaile na nGall sna Déise. Tá sé mar sprioc ag Comhlucht Forbartha na nDéise Lárionad ilchuspóireach a fhorbairt ina mbeadh seirbhísí turasóireachta, fiontraíochta, cultúrtha agus áiseanna pobail. Beidh iniúchadh le déanamh chomh maith ar an gcostas caipitil a bhainfeadh le forbairt den chineál seo a fhorbairt mar aon leis na costais reáchtála agus riaracháin a bhainfeadh le Lárionad dá leithéid. €12,100 a ceadaíodh mar thacaíocht agus cuirfidh an Comhlucht Forbartha fuílleach an chostais i dtreo an taighde.

Scéimeanna Deontais Údarás na Gaeltachta
Cuireadh eolas cuimsitheach os comhair Bhord Údarás na Gaeltachta inniu maidir leis na scéimeanna deontais agus tacaíochta éagsúla a mbaineann an tÚdarás úsáid astu chun tacú le gnóthaí agus fiontair incháilithe. Tá os cionn 30 scéim éagsúil gur féidir leas a bhaint astu ag áireamh tacaíocht do ghnóthaí atá ag tosú, ag méadú, i mbun taighde, ag díriú ar mhargaí nua nó i mbun easpórtála mar shampla. Tá eolas cuimsitheach ar na scéimeanna seo le fáil ar shuíomh idirlín an Údaráis ag www.udaras.ie.

Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht
Rinne an Bord mionphlé agus díospóireacht fhada ar chúrsaí pleanála fisiciúil i gceantair Ghaeltachta agus deacrachtaí comónta atá ag pobail i nGaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre. Rinneadh tagairt do thuairiscí ar dheacrachtaí atá ag daoine áitiúla cead pleanála a fháil ina gceantair féin agus srianta a measadh atá á gcur ar fhorbairt na Gaeltachta. Rinneadh tagairt freisin don tábhacht atá le soláthar tithíochta a bheith ar fáil sna ceantair Ghaeltachta do dhaoine áitiúla agus diaspóra na Gaeltachta le filleadh ar ais. Tá ábhair a bhaineann le pleanáil fhisiciúil lárnach sna pleananna teanga atá á réiteach ar fud na Gaeltachta faoi láthair chomh maith agus é mar cheann de na ceannteidil atá leagtha síos do phleananna teanga.
Léirigh an Bord a n-imní maidir le diúltaithe i gceadanna pleanála i gceantair Ghaeltachta agus chinn dul i gcomhairle leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta mar thús chun léargas a fháil ar céard a d’fhéadfadh an tÚdarás agus an Roinn a dhéanamh maidir leis na hábhair seo.
Glacadh d’aonghuth le rún go ndéanfaí moladh a chur chuig na húdaráis chuí ag éileamh go mbeadh ionadaí ó Údarás na Gaeltachta curtha san áireamh ar an mBord Pleanála chun tacú le saineolas Gaeilge agus Gaeltachta a thabhairt don eagraíocht.